Skip to main content

An Cabhán

Tearmann cultúir agus cruthaitheachta atá i gContae an Chabháin ina gcuirtear chuig forbairt na healaíne le meon an chomhair agus an phobail, an cineál céanna ónar eascair pearsaí chomh hiomráiteach le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file an ochtú céad déag, agus, níos gaire dár linn féin, Neven Maguire, príomhchócaire agus údar leabhar.

Suite i mBréifne, faoi sheanreacht na nGael, tá, a bhuíochas de dhúthracht an Chabháin i leith na hoidhreachta agus de dhíograis agus de dhícheall phobal an chontae, Straitéis Cultúir agus Cruthaitheacht tugtha chun tosaigh faoin gclár Éire Ildánach a chuireann le hoidhreacht láidir an chultúir i gContae an Chabháin sa chaoi is go dtugtar spreagadh chun cruthaitheachta do shaoránaigh de gach aois, creideamh agus cúlra agus go gcothaítear a gcuid spéise sa chultúr.

Ar cheann de bhuaicphointí na dtionscnamh éagsúla i gContae an Chabháin, tá ‘Scéalta Dár Talamh’, ócáid lae i gColáiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis ag a dtarraingítear le chéile roinnt de na healaíontóirí agus de na ceoltóirí is breátha san áit i mbun an taitneamh atá le baint as an taobh tíre sa chontae a chur in iúl.

Mar gheall ar dhúthracht an Chabháin i leith na hoidhreachta agus le díograis agus dícheall phobal an chontae, tá Straitéis Cultúir agus Cruthaitheacht tugtha chun tosaigh faoin gclár Éire Ildánach a eascraíonn as oidhreacht láidir an chultúir i gContae an Chabháin.

Image ALT text

Is Cuma le Duine ar Bith

Is script ghearr é Is Cuma le Duine ar Bith (No One Cares) ina bhfiosraítear na claonachtaí agus cora sochaíocha a bhfuil taithí ag daoine óga nach mbíonn ag cloí le hinscne orthu sa Chabhán. Is le sraith agallamh atá curtha i dtoll a chéile ag déagóirí trasinscneacha agus neamh-dhénártha as Co. an Chabháin a cruthaíodh an script d’fhonn tuiscint a fháil ar an dearcadh atá acusan ar an saol.

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Emma Clancy

Comhordaitheoir Éire Ildánach & Leabharlannaí

Teagmháil

Sharon Howe

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Eoin Doyle

Príomhfheidhmeannach Gníomhach

Teagmháil

Catriona O’Reilly

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

Holly Roche

Coimeádaí Músaeim

Teagmháil

Padraic McIntyre

Stiúrthóir Amharclainne

Teagmháil

Conor Harrington

Oifigeach Cumarsáide

Teagmháil

Jane Crudden

Oifigeach SÍOCHÁIN IV

Teagmháil

Ann Marie Curley

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Teresa Treacy

Leabharlannaí

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_Cavan_Screen_AW.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×