Skip to main content
Cultural Companions Burrren, Co Mayo

An Clár

Is é atá d'aisling maidir le hÉire Ildánach i gContae an Chláir go gcinnteofaí go dtapaíonn muintir an Chláir cur i láthair an chultúir trí bheartaíocht cruthaitheachta a thaithí. Déanann Meitheal Cultúir an Údaráis Áitiúil leas a bhaint as saineolas chomhaltaí éagsúla na meithle ionas go dtugtar tionscadail i gcrích i rith na bliana. Áirítear ar na bearta tús áite deiseanna a chruthú do dhaoine cultúr den nuálaíocht a thapú mar gheall ar chláir imeachtaí, acmhainn cruthaitheachta agus clú an chontae a thabhairt chun cinn agus oibriú i gcomhar d'fhonn teacht i láthair cultúrtha agus maitheas an duine a fhorbairt. Tugadh na bearta tús áite sin chun cinn trí thuiscint ar na hacmhainní seachtracha atá ar fáil maidir leis an gclár oibre i gContae an Chláir a thabhairt san áireamh chomh maith le hacmhainn Chomhairle Chontae an Chláir na bearta tús áite a thabhairt i gcrích.

Is iomaí buaicphointe ag baint leis an gclár reatha. Áirítear orthu sin tochailt seandálaíochta i gcomhar le hIarsmalann an Chláir ar theach ó aimsir an drochshaoil, sraith de cheardlanna i Leabharlann Contae an Chláir maidir le Filíocht Leanaí, cúnamh taca maidir le Comhar Ealaíne idir Glór agus na Scoileanna agus ceardlanna maidir le Cuimhní Cinn agus le Scríbhneoireacht Chruthaitheach i Leabharlann Contae an Chláir chomh maith le cúnamh taca i ndáil leis an tionscadal nuálaíochta de chuid na hOifige Ealaíne Vision Symphony.

Déanann an Stiúrthóireacht maidir le Forbairt Tuaithe Compánaigh Cultúir an Chláir a eagrú – craobhchóras sóisialta do shaoránaigh aosta an Chláir trína gcuirtear ar chumas dhaoine freastal ar imeachtaí in éineacht mar ghrúpa. Is é atá d'aidhm leis go gcuirtear breis deiseanna ar fáil do dhaoine aosta páirt a ghlacadh i saol bríomhar cultúir agus cruthaitheachta an Chláir agus go gcuirtear in aghaidh aonrú sóisialta. Ainmníodh an togra maidir le Gradam Sárfheabhas Chumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann sa Rialtas Áitiúil sa bhliain 2019.

Ceadaíodh naoi gcinn de dheontais maidir le Tionscadail Poiblí i rith na bliana 2019 i ndáil le tionscadail a bhfuil caidreamh leis an bpobal/rannpháirtíocht an phobail i gceist leo. Áirítear orthu sin Tionscadal maidir le hAthrú Aeráide i Meánscoil Mhuire gan Smál i Lios Dún Bhearna, Féile Scannánaíochta Óige Sparks, tionscadal maidir le saoirseacht bád le Foghlaim Ghníomhach Choill Raithín d'Ógánaigh ALFA agus togra maidir le maitheas an duine i scoileanna Bhoirne maidir le leigheasanna, sean-nósanna agus gnáis sláinte.

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae an Chláir i mbun tionscnamh iCan Chraobhchóras Chartlanna Pobail na hÉireann a stiúradh. Tá cúig cinn de ghrúpaí oidhreachta áitiúla páirteach ann chomh maith leo siúd atá ar an gcúrsa dar teideal “Reading the Local Landscape” agus tá de chuspóir leis an tionscnamh níos mó ábhair maidir leis an stair agus an oidhreacht áitiúil a chur ar fáil ar an idirlíon. Tionscnamh eile de chuid na hOifige Oidhreachta is ea an cúrsa “Reading the Local Landscape” a cuireadh ar siúl i gceithre ionad i gContae an Chláir i rith na mblianta 2018 agus 2019.

Image ALT text

A Fair in the Air: The Fair at Spancilhill

Open Video

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Helen Walsh

Leabharlannaí Contae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach an Chláir

Teagmháil

Eva Birdthistle

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Anne Haugh

Stiúrthóir Seirbhíse,

Teagmháil

Siobhán Mulcahy

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

John Rattigan

Coimeádaí Mhúsaem an Chláir

Teagmháil

Niamh O'Donovan

Leabharlannaí Feidhmiúcháin

Teagmháil

Sinéad Dixon-Slattery

Oifig Fiontair Áitiúil

Teagmháil

Morgan Lahiffe

Oifigeach um Ghníomhú Aeráide

Teagmháil

Samantha McCarthy

Éire Shláintiúil

Teagmháil

Barry O'Loughlin

Oifigeach Bithéagsúlachta

Teagmháil

Helen Moloney

Forbairt Tuaithe

Teagmháil

John Treacy

Heritage Officer

Teagmháil

Ciara Fahy

Cartlannaí

Teagmháil

Ár Straitéis

Clare-Irish-version.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×