Skip to main content

An Longfort

Tá an cultúr i gcroílár shaoithiúlacht agus chaighdeán an tsaoil sa Longfort agus is gné lárnach é de chontae bríomhar a chruthú don té atá ag cónaí, ag obair nó i mbun gnó sa chontae. Is straitéis cúig bliana Plean Cultúir agus Cruthaitheachta Chontae an Longfoirt trína bhféachtar leis an gcultúr agus an chruthaitheacht a chur go mór chun tosaigh i saol na ndaoine. Tuigtear an leas a bhíonn ag an bpobal as caiteachas ar an gcultúr agus ar an gcruthaitheacht agus as an ról atá leis an gcultúr maidir le dreamanna dúthrachtacha, comhtháite, inmharthana a chothú i ngach comharsanacht.

Is ábhar ríméid ag Comhairle Chontae an Longfoirt a bheith i mbun na ceannródaíochta maidir leis an gcéad Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta de chuid an chontae a chur le chéile. Tá de chuspóir forghinearálta againn an cultúr agus an chruthaitheacht a chur go mór chun tosaigh i saol na ndaoine agus aird a tharraingt ar bhríomhaire Chontae an Longfoirt mar áit cónaithe, ionad oibre nó láthair gnó. Tá an cultúr i gcroílár shaoithiúlacht agus chaighdeán an tsaoil sa Longfort, is é a dhéanann áit tharraingteach as an gcontae ag cuairteoirí agus, go háirithe ag an diaspóra a fhilleann go rialta ar mhaithe leis an áit ar dá bunadh iad a thaobhú. Ar bhealaí go leor, is é an Longfort - mar a leagtar amach sa Phlean Corparáide atá againn - "An Áit atá Sásúil", leis an meascán díreach ceart, idir taobh tíre neamh-mhillte feirmeoireachta, meon láidir an phobail agus saol bríomhar cultúir, inar féidir an chruthaitheacht a chothú agus a thabhairt chun cinn.

Tá tugtha de chur síos ar an gcontae ag John Connell, údar gradamúil agus an chéad Ambasadóir Litríochta de chuid Chontae an Longfoirt, gurb é an áit é “from which I draw the wellspring of my creativity. My books, my writings, my thoughts are of this place. I have known it all my life and it is the thing which enriches me”.
An scéal go dtí seo…..
Le dhá bhliain go leith anuas, tá béim láidir leagtha ag an meitheal Cultúir maidir le hÉire Ildánach ar chur lena áisiúla a bhíonn teacht ag leanaí agus ag daoine óga ar chúrsaí cultúir agus cruthaitheachta agus lena gcuid rannpháirtíochta sna cúrsaí sin. Oibríodh i gcomhar leis na scoileanna bunscolaíochta agus leis na scoileanna dara leibhéal, leis na leabharlanna agus le heagraíochtaí de leithéid Chomhairle na nÓg agus seirbhísí Óige an Longfoirt.

Image ALT text

Féile Gearrscannán Still Voices an 5 – 7 Samhain

Tá an-áthas ar Fhéile Gearrscannán Still Voices i gcomhar le hÉire Ildánach clár iomlán a fhógairt d'fhéile na bliana seo a bheidh ar siúl ón 5 - 7 Samhain, féile speisialta hibrideach chun cúig bliana den fhéile a bheith ar an bhfód a cheiliúradh. Is fada linn go mbeimid ag cur fáilte roimh lucht féachana beo arís chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann le scannáin!

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Martina Needham

Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Ciaran Lennon

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

An Comh. Paraic Brady

Ceantar Bardasach Ghránaird

Teagmháil

An Comh. Pat O’Toole

Ceantar Bardasach Bhaile Uí Mhatháin

Teagmháil

An Comh. Martin Monaghan

Ceantar Bardasach an Longfoirt

Teagmháil

Barbara Heslin

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Dónall Mac An Bheatha

Pleanálaí Sinsearach

Teagmháil

Michael Nevin

Ceannasaí, an Oifig Fiontraíochta Áitiúil

Teagmháil

Martin Morris

Cartlannaí Contae

Teagmháil

Máiréad Ní Chonghaile

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Frank Horne

Oifigeach Forbartha Pobail

Teagmháil

Mona Considine

Bainisteoir, Backstage Theatre

Teagmháil

Shane Crossan

Oifigeach Críochnú Scolaíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna an Longfoirt agus na hIarmhí

Teagmháil

Eamonn Brennan

Oideachas Oidhreachta agus Oifigeach Cultúrtha, CLG an Longfoirt

Teagmháil

Ár Straitéis

Culture is at the heart of Longford’s identity and quality of life, and is central to making it a vibrant county to live, work and do business in. The County Longford Culture & Creativity Plan is a five-year strategy which aims to place culture and creativity front and centre of our lives. The societal benefits from expenditure on culture and creativity and the role that culture plays in building committed, cohesive and sustainable communities.

Longford-1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×