Skip to main content
Newgrange, over 5000 years old World Heritage site, Co Meath

An Mhí

Tá Earnáil an Chultúir i gContae na Mí breá bríomhar agus cuid mhór daoine cumasacha forbheartacha sa chontae. Caomhnaítear agus cothaítear oidhreacht litríochta scríbhneoirí iomráiteacha de leithéid Mary Lavin agus Francis Ledwidge trí dhá Ghradam sa Scríbhneoireacht Chruthaitheacht de chuid Chomhairle Chontae na Mí a chruthú: Gradam Filíochta Francis Ledwidge agus Gradam Gearrscéalaíochta Mary Lavin. Cuidítear le pobal na Gaeltachta sa ról ina gcaomhnóirí ar thraidisiún Gaeilge na linne seo le clár bliantúil imeachtaí trína ndéantar ceiliúradh ar an teanga dúchais i gContae na Mí féin bunaithe ar fhilí na Gaeilge i dtuaisceart na Mí agus faoi anáil dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, agus de bhunadh Átha Buí, an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh. Ar na príomhbhearta straitéise, tá Oifigeach Gaeilge a cheapadh agus cúnamh a thabhairt maidir le Dámh na Mí agus Comharchumann Ráth Chairn le cartlann pobail a chur ar bun agus a choinneáil i bhfeidhm.

Le féilte de leithéid Hinterland, Guth Gafa agus Cruinniú, chomh maith le healaíontóirí cónaitheacha agus scríbhneoirí cónaitheacha, treisítear leis an dúthracht maidir le forbairt leanúnach agus teacht i gcónaí ar an gcultúr cruthaitheachta.

Ealaíontóirí atá croílárnach maidir le tuiscint shainiúil an chontae ar a mbaineann leis agus le muintir an chontae a chur in iúl. Tá an lucht ealaíne agus cruthaitheachta á spreagadh agus á gcothú againn trí pholasaí comhtháite a thabhairt chun cinn maidir le bonn a chur faoi shlí bheatha an ealaíontóra agus pleananna a thabhairt chun cinn maidir le spás stiúideo. Tá na tionscail cruthaitheachta faoi bhláth mar gheall ar mhoil Cruthaitheachta/Cultúir a fhorbairt in áiteanna éagsúla sa chontae – Mol Cruthaitheachta Theach na Cúirte i gCeanannas Mór; clár leathnaithe atá ag an dánlann Toradh; teach Francis Ledwidge; spás ealaíne Dhún Seachlainn. Tá athleagan amach ar na córais reatha maidir le deontais chun dul in oiriúint do riachtanas na n-ealaíontóirí féin, chomh maith le hinfheistíocht airgid san Fhorbairt Ghairmiúil d'Ealaíontóirí, ina bhonn daingean faoi dhúthracht na Comhairle. Tá an dara bliain tagtha den Ghradam Cruthaitheachta do thogra ealaíne poiblí den ardéirim trína gcothaítear an comhar idir daoine nó dreamanna i gContae na Mí agus ealaíontóirí gairmiúla agus eagraíochtaí ealaíne agus an-tairbhe as an scéim.

Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le comhar páirtnéireachta le Printworks Studios i gCeanannas chun an chéad ionad clóchuradóireachta in Éirinn a chur ar bun agus ceiliúradh a dhéanamh ar an ealaín a bhaineann le litreoireacht agus teacht i dtír ar an stair faoi leith a bhaineann le saothrú na peannaireachta i gCeanannas. Tagann sé go maith leis an obair i gCeanannas ar Chruthú Áiteanna Cruthaitheachta trína gcruthaítear spásanna poiblí den scoth bunaithe ar acmhainní áitiúla agus trína gcuirtear le caighdeán an tsaoil, le barr maitheas an duine agus leis an mórtas áite.

Image ALT text

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Ciaran Mangan

Leabharlannaí Contae/Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Emma Prunty

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Fiona Lawless

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Tom French

Leabharlannaí Staidéar Áitiúil

Teagmháil

Gerardette Bailey

Oifigeach Ealaíon an Chontae

Teagmháil

Loreto Guinan

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Robert Miles

Oifigeach Caomhantais

Teagmháil

Belinda Quirke

Stiúrthóir, Ionad Ealaíon an Ghrianstaid

Teagmháil

Barry Lynch

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Patricia Fallon

Cartlannaí Contae

Teagmháil

Nóirín Murphy

Oifigeach an Ghaeilge

Teagmháil

Ár Straitéis

Meath County Council is proud to be at the forefront of support for the arts, heritage and literature in Meath, support for which ensures meaningful cultural engagement, delivery of Creative Ireland objectives and participation for the county’s citizens. ...

We will conserve and promote our cultural and literary inheritance and encourage and support new and emerging writers. We aim to mainstream culture within the local authority and seek the appointment of professionals to deliver integrated cultural services as envisaged by Creative Ireland. We intend to nurture and support artists and creators in their professional work though financial support, research and professional development, working space and promotion. We will enhance our cultural and creative infrastructure to foster local, professional, amateur and community initiatives and generate both life enhancing and economic benefits for all.

Meath-1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×