Skip to main content
Boy with globe, South Dublin

Baile Átha Cliath Theas

Éire Ildánach i mBaile Átha Cliath Theas Tá blas na hiléagsúlachta ar an gclár seo trína dtugtar aird ar ghnéithe traidisiúnta de chúrsaí cultúir agus a ndírítear ar chumas idir sin agus gnéithe nua cultúir atá á gcur in iúl ag daoine de bhunadh 120 náisiún éagsúil ar de phobal an limistéir seo iad. Tá ról bunriachtanach leis an gCultúr agus leis an gCruthaitheacht i saol na ndaoine, caidreamh agus an tsláinte á gcothú sna ndaoine agus léargas á thabhairt ar thaithí saoil mhuintir na háite agus ar an áit ina gcónaíonn siad. Tá obair á dhéanamh faoin gclár le trí bliana anuas agus tionscadail agus ócáidí éagsúla á gcur ar siúl dá thoradh sin a spreag spéis mhór i measc an phobail agus a chruthaigh amanna a fhanann i gcuimhne chuid mhór de na daoine a bhí i láthair in éineacht.

Cuireadh spriocanna ardaidhme os comhair Éire Ildánach i mBaile Átha Cliath Theas i ndáil le cuidiú le healaíontóirí den aos dána agus le daoine cumasacha nua atá ag teacht chun cinn agus i ndáil leis an gcaidreamh a chothaítear, tráth a bhfuil síorathrú faoin timpeallacht, le saoránaigh Bhaile Átha Cliath Theas. Tá féiniúlacht chasta ilghnéitheach ag baint leis an gContae. Is ábhar spreagtha an meascán idir ceantair foirgníochta agus ceantair tuaithe ann. Tá áit faoi leith i gceist leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach sna gnéithe cultúir atá fite fuaite ina chéile i gContae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin agus an tIonad Gaeilge agus Cultúrtha i dTamhlacht cóngarach do phríomhchathair na tíre agus faoi scáth na sléibhte, tá beocht i dteanga na Gaeilge agus sa chultúr Gaelach i gContae Bhaile Átha Cliath Theas.

Tá suntas áirithe lena bhfuil le cur in iúl trí chruthaitheacht na ndaoine óga sa Chontae agus rinneadh cothú air sin ó thús an chláir. Dúirt Freshly Ground Theatre gur chuir deontas ar a gcumas lón eolais agus taithí breise a thabhairt i bhfeidhm i measc an chompántais arbh dheacair a dhéanamh murach an deontas agus go raibh a lorg ar a gcuid saothair. Tá an compántas den tuairim go bhfuil tábhacht ollmhór le hamharclannaíocht atá bunaithe sa phobal maidir le forbairt na hóige sa cheantar agus is mór an ní fairsinge a fheiceáil ag teacht ar scóip na hoibre.

Tá obair ilghnéitheach i gcomhar ar fud réimse ealaíne, ar fud eagraíochta, agus idir eagraíochtaí agus ealaíontóirí ina mhúnla córais atá lárnach maidir leis an Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta. Cuirtear, leis an gcur chuige sin, bonn treise faoin ealaíontóir, spreagtar ardaidhmiúlacht agus cuirtear leis an ábhar cultúir atá le taithí ag an duine agus ag an bpobal. Is deiseanna cruthaitheachta atá le tapú ag daoine an oidhreacht, an timpeallacht foirgníochta agus an timpeallacht dúlra agus na háiteanna ar fud an Chontae ina mbíonn ábhar cultúir. Tá ardán ar fáil leis an gclár don saothar cruthaitheachta a dhéanann daoine, nach móide é a cheapadh leis an bpríomhshruth go hiondúil, e.g. Taispeántas Phríosúnaigh na hÉireann agus pobal na nEalaíon Measctha Comhraic i dTamhlacht.

Image ALT text

Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Orla Scannell

Comhordaitheoir ar an gclár Éire Ildánach & Oifigeach Ealaíne

Teagmháil

Eithne Swaine

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Paul Fusco

Leabharlannaí Contae, CCBÁCT

Teagmháil

Jason Frehill

Stiúrthóir Seirbhísí, CCBÁCT

Teagmháil

Maoliosa Boyle

Stiúrthóir Feidhmiúcháin, RUA Red

Teagmháil

Tony Fegan

Stiúrthóir, Ealaíona Pobail Thamhlachta

Teagmháil

Brian O'Gaibhain

Bainisteoir, Áras Chrónáin

Teagmháil

Rosaleen Dwyer

Oifigeach Oidhreachta, CCBÁCT

Teagmháil

Maebh Butler

Oifigeach Gníomhach Ealaíon

Teagmháil

Irenie Mcloughlin

Oifigeach um Chaomhnú Ailtireachta

Teagmháil

Tom Rooney

Ceann Fiontar, Oifig Fiontair Áitiúil

Teagmháil

Fionnghuala Ryan

An t-Athrú Aeráide agus Oifigeach Feasachta Comhshaoil

Teagmháil

Ár Straitéis

South-Dublin.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×