Skip to main content
Traveller Hair Project, Mayo

Maigh Eo

Tá ábhar cultúir agus oidhreachta lárnach maidir le saoithiúlacht Mhaigh Eo agus caighdeán an tsaoil ann. Tá buntábhacht leo maidir le contae bríomhar a dhéanamh as atá tarraingteach ag cuairteoirí, ag na daoine a bhfuil cónaí orthu sa chontae agus ag lucht thionscal na cruthaitheachta. Ar bhealaí go leor, tá an cumasc díreach ceart i gContae Mhaigh Eo idir taobh tíre spreagúil agus infreastruchtúr aitheanta cultúir, ionas gur féidir borradh agus forás a chur faoin gcultúr agus faoin gcruthaitheacht.

Tá gnéithe na linne seo ann agus gnéithe na staire agus gnéithe oidhreachta maidir leis an dúlra, an tseandálaíocht, an fhoirgníocht, an cultúr agus oidhreacht na mara – gan trácht ar thí cinn de cheantair Gaeltachta – níl aon easpa maidir le hábhar spreagtha sa tearmann cruthaitheachta seo. Chomh maith leis an gcósta is sceirdiúla in Éirinn, tá aibhneacha agus locha ann, talamh portaigh de chineál faoi leith agus oidhreacht thógtha, téann stair an chontae siar na mílte bliain go dtí an córas garraithe is sine in Éirinn in Achaidh Chéide.

Is é flúirse agus iléagsúlacht na ngnéithe oidhreachta, idir ghnéithe den dúlra, den fhoirgníocht agus den chultúr, a fhágann tréithe sainiúla dá chuid féin ag an gcontae. Tá cultúr agus cruthaitheacht mhuintir Mhaigh Eo á spreagadh ag an oidhreacht ábhartha agus ag an gcultúr mar a léirítear é sa taobh tíre. Ar an gcuma chéanna, cuidíonn an cultúr ábhartha le sainiúlacht an chontae a léiriú, leis an mórtas áite a chothú agus le tréithe na háite agus na ndaoine a leagan síos. Bíodh sin mar atá, is iad muintir Mhaigh Eo féin an tsócmhainn is luachmhaire dá bhfuil againn. Tá borradh bríomhaireachta faoi earnáil na cruthaitheachta i Maigh Eo, lena mbaineann scríbhneoirí, ealaíontóirí, oirfidigh agus daoine atá gníomhach i measc an phobail maidir le cúrsaí ealaíne nó beartaíocht cruthaitheachta agus cultúir.

Agus síneann pobal Mhaigh Eo thar theorainneacha an chontae. Bhí ár n-aghaidh amach riamh againn, plé againn leis an saol taobh amuigh mar gheall ar chúrsaí maraíochta agus an diaspóra, agus is breá linn fáilte a chur roimh dhaoine a roghnaíonn cur fúthu sa chontae seo, infheistíocht a dhéanamh ann nó a theacht ar cuairt ann agus taitneamh a bhaint as. Is iomaí sampla ar fáil de na nithe a fhágann gur áit ann féin Maigh Eo – stair na maraíochta agus an tábhacht atá i gcónaí le Gráinne Ní Mháille, na portaigh agus Achaidh Chéide ón ré ársa, an taobh tíre sceirdiúil a bhí ina ábhar spreagtha ag ealaíontóirí agus ag scríbhneoirí. Tá lucht féachana ar fud an domhain á tharraingt ag traidisiún an cheoil sa chontae, le Riverdance mar shampla a d'eascair as ceiliúradh ar Mhaigh Eo 5000 agus tá oidhreacht na litríochta ceangailte le Raifteirí agus George Moore chomh maith le húdair an lae inniu – Mike McCormack, Sally Rooney, Elizabeth Reapy, Eimear MacBride agus daoine nach iad – a bhfuil duaiseanna bronnta ar chuid mhór acu as a gcuid saothair.

Image ALT text

Creative Ireland & RTÉ Supporting the Arts: Crown

Open Video

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Austin Vaughan

Leabharlannaí agus Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Anna livia Cullinan

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Joanne Grehan

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Anne Marie McGing

Oifigeach Ealaíon

Teagmháil

Martina Hughes

Ceann Cumarsáide

Teagmháil

Deirdre Cunningham

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Edel Golden

Bainisteoir, Leabharlann Jackie Clarke

Teagmháil

Anna Connor

Oifigeach Turasóireachta

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_G_Mayo_Screen-2023.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×