Skip to main content
SONY DSC

Ros Comáin

Is tionscnamh ardleibhéil Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Ros Comáin 2018 - 2022 a bhfuil d'aidhm uaillmhianach léi gnáthchuid de shaol an duine i Ros Comáin a dhéanamh den chruthaitheacht ionas gur féidir le muintir an chontae, ina saol príobháideach agus ina ndreamanna den phobal, iomlán ár gcuid cruthaitheachta a thabhairt chun cinn. Is clár cultúir atá in Éire Ildánach a leagadh amach chun maitheas an duine, an phobail agus an náisiúin a chothú.

Is é bun na cúise maidir leis an gclár go mbíonn beartaíocht cultúir ina shiocair le cruthaitheacht phearsanta agus cruthaitheacht chompántais agus go mbíonn toradh suntasach air sin maidir le maitheas an duine agus dea-thréithe tairbheacha torthúla an phobail. Tá príomhthábhacht á leagan i Ros Comáin mar théamaí ar an bhféiniúlacht, ar an gcultúr, ar an gcomhar agus ar an tsaoránaíocht ar fud an chontae agus idirnascadh á dhéanamh idir iad sin agus na cúig cinn de cholúin faoin gclár Éire Ildánach.

Tá ionadaíocht ar Mheitheal Cultúir Chomhairle Chontae Ros Comáin ag seirbhísí tábhachtacha de chuid an údaráis áitiúil, na seirbhísí ealaíon, leabharlannaíochta, oidhreachta agus pobail san áireamh, agus sin ag teacht le cur chuige an chomhair mar atá i gceist ar fud na tíre faoi Éire Ildánach. Táthar den chreideamh nach neamhathraitheach an cultúr, go mbíonn múnlú agus éabhlóid air go seasta síoraí. Táthar den tuairim gur cheart deis a bheith ag an uile dhuine na cláir a thapú, gur cheart oibriú i gcomhar, acmhainní a chur ar fáil dá chéile agus smaointe a chur sa timpeall ionas go gcruthaítear deiseanna don uile dhuine páirt a bheith acu i múnlú an chontae tríd an gcruthaitheacht. Táthar lánchinnte de gur mór le muintir Ros Comáin an chruthaitheacht de gach uile chineál.

Is fada lucht ealaíne, scríbhneoireachta agus cruthaitheachta ag cur shaoithiúlacht na ndaoine in iúl lena gcuid scéalaíochta, amhránaíochta, damhsa, deasghnátha, ceiliúrtha agus comórtha. Trí oibriú go fonnmhar le hÉire Ildánach, admhaíonn Comhairle Chontae Ros Comáin an ceangal idir an chruthaitheacht, an rannpháirtíocht agus acmhainní. Tugann an tionscnamh seo deis iliomad daoine a spreagadh chun teacht i láthair ar bhealaí iléagsúla ionas gur féidir smaointeoireacht nua a thabhairt chun cinn agus seanscéalta a athinsint.

Image ALT text

Cónaitheacht Múinte Ceoil: Tionscadal Éire Ildánach 2022 – Comhairle Contae Ros Comáin

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Rhona McGrath

Comhordaitheoir, Éire Ildánach & Oifigeach Ealaíne

Teagmháil

Áine Butler

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Sandra Turner

Leabharlannaí Contae

Teagmháil

Louise Ward

Ceann Fiontar Áitiúil

Teagmháil

Nollaig Feeney

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Lisa Joy

Oifigeach Turasóireachta

Teagmháil

Fiona Ni Chuinn

Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí

Teagmháil

Mary Smyth

Comhordaitheoir don Ealaín & Rannpháirtíocht Phoiblí

Teagmháil

Sabrina Lawless

Comhordaitheoir Ros Comáin Sláintiúil

Teagmháil

Maired McKeon

Age Friendly Officer

Teagmháil

Breata Coyle

Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

Teagmháil

Stephen Nicholson

Acting Director Roscommon Arts Centre

Teagmháil

Ár Straitéis

In 2017 a Culture Team was established in Roscommon County Council comprising of staff from the Arts, Heritage, Library, Local Enterprise Office and Community and Enterprise departments. The Culture Team together with the Creative Ireland Project Office hosted an open meeting which provided an opportunity to explore how best to increase access to and engagement with the arts, heritage and creative industries in the county. The input from these discussions informed the preparation of Roscommon County Council’s Culture and Creativity Strategy 2018-2022. ...

This Strategy is an overarching plan for the county and relates to and links with the Arts and Heritage Plans and the Library service. The strategy focuses on supporting creatives of all disciplines, enhancing creativity in all children and young people of the county, enriching public engagement with culture in all its forms and continued strategic and sustainable investment in cultural infrastructure.

The Creative Ireland vision for Roscommon is that every person will have an opportunity to experience, enjoy and engage with the limitless nature of County Roscommon’s rich creative vein.

CI_CCS_G_Roscommon_Screen_AW.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×