Skip to main content
Tullamore Comic Con

Uíbh Fhailí

Tá réimse leathan ag baint le cultúr agus lucht cruthaitheachta Uíbh Fhailí ón luathsníodóireacht chloiche ar a gcuid foirgneamh ón Meánaois, go geataí iarainn gaibhnithe, go saothar an Fhile Egan go dtí micreaghrianghrafadóireacht Tina Claffey. Tá ceangal an-láidir ag Contae Uíbh Fhailí leis na healaíona, eolaíocht, stair agus oidhreacht agus is as an gcontae seo a d'eascair roinnt de na saothair chruaitheachta is buaine a bhaineann leis an tír seo.

Tá breis is scór lonnaíocht mainistreach ón Luath-Chríostaí i gCo. Uíbh Fhailí, Cluain Mhic Nóis, Darú agus Saighir Chiaráin ina measc; is ann atá Sliabh Bladhma; na dealbha agus an fiadhúlra ar fhéaraigh oscailte na dtailte móna bainte atá á n-athghiniúint ag Páirc Thaiscéalaíochta Loch na Buaraí; agus Caisleán Bhiorra, a bhfuil aithne mhór air mar gheall ar ‘Leviathan of Parsonstown', a bhí ar an teileascóp ba mhó sa domhan tráth agus an chéad cheann ar facthas réaltraí bíseacha léi, agus anois in 2017, tá tús á chur le ré nua mar gheall ar an nasc i-lofar.

Áirítear i measc na ndaoine mór le rá as an gcontae seo a raibh fís acu i leith na cruthaitheachta an stiúrthóir Hollywood Rex Ingram as Cionn Eitigh, an t-eolaí aitheanta ón naoú haois déag, Mary Ward as Baile Uí Laighin gar don Fhéar Bán; an t-innealtóir agus ceapadóir Bindon Blood Stoney as Biorra, dearthóir Chalafort agus Dhuganna Bhaile Átha Cliath chomh maith le nithe eile; agus comhbhunaitheoir an chomhlachta ailtireachta mór le rá, Grafton Architects (coimeadóirí mór le rá Biennale na Veinéise 2018), Yvonne Farrell as Tulach Mhór agus an drámadóir a bhfuil gradaim buaite aici, Marina Carr a d'fhás aníos i gCo. Uíbh Fhailí.

Ba as an Maothlachán in aice le Géisill an file Edward Egan, agus chum seisean filíocht ag casadh an chéid seo caite. Le togra Éire Ildánach, tá béim dírithe arís ar an bhFile Egan agus ar a chuid filíochta trí thogra scoileanna ilbhliantúil a fhorbairt ag obair i gcomhar leis an bhfile comhaimseartha John Cummins. Faoin togra seo déanfar mórbhileog d'fhilíocht leanaí a fhoilsiú trí véarsa dá chuid filíochta á shnoí ina ghné den sráid-dreach i nGéilsill, ag comhthiomsú a chuid dánta agus a chuid nótaí scríbhneoireachta stairiúla chun comhthéacs a chur ar fáil ina leith agus déanfar iad a fhoilsiú i rith na bliana 2020. Bhí ról tábhachtach ag baint leis an togra seo chun saothar an fhile a dhoiciméadú agus a úsáid agus an fhilíocht a chur i láthair lucht spéise nua ag an am céanna.

Image ALT text

Láthair Adhlactha Theach na mBocht i mBiorra & an Móinéar  Tionscadal faoi stiúir Chompántas Drámaíochta Uíbh Fhailí

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Laughing conductor

Amanda Pedlow

Comhordaitheoir Éire Ildánach, Oifigeach Oidhreachta Uíbh Fhailí

Teagmháil

Karen Gray

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Ann Dillon

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Sally O’Leary

Oifigeach Ealaíon Uíbh Fhailí

Teagmháil

Rachel McKenna

Ailtire Sinsearach Feidhmiúcháin

Teagmháil

Eimear McGinn

Leabharlannaí Contae

Teagmháil

Brian Pey

Forbairt Áitiúil agus Pobail

Teagmháil

Orla Martin

Oifig Fiontair Áitiúil

Teagmháil

Jacqueline McIntyre

Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach

Teagmháil

Ricky Whelan

Oifigeach Bithéagsúlachta

Teagmháil

Ár Straitéis

Offaly-1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×