Arna thacú ag h Éire Ildánac
Is clár nua ó Éire Ildánach é Gairm Chruthaitheach - Gairmeacha do Dhaoine Fiosracha atá curtha ar fáil le tacaíocht ó Fís Éireann, An Chomhairle Ealaíon agus Coimisiún na Meán, arna bhainistiú ag Cultural and Creative Industries Skillnet.
Tá sé d’aidhm ag Gairm Chruthaitheach - Gairmeacha do Dhaoine Fiosracha feasacht na ndaoine óga a mhéadú faoi na deiseanna éagsúla gairme agus scileanna atá ann ar fud na hearnála cruthaithí. Trí bheith ag obair le scoileanna agus le heagraíochtaí cruthaitheacha, ag éisteacht le daoine óga agus ag glacadh páirte i roinnt príomhimeachtaí in 2026, le Gairm Chruthaitheach - Gairmeacha do Dhaoine Fiosracha leagfar bunchloch chun daoine a bhfuil gealladh fúthu a spreagadh chun gairme cruthaithí.
Cad iad na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha atá ann?
San áireamh leis na hearnálacha cruthaitheacha atá mar chuid dár gclár, tá: scannánaíocht agus teilifís; beochan, VFX, agus iarléiriúchán; tionscail chruthaitheacha dhigiteacha; ealaín, dearadh, agus ailtireacht; taibhiú agus ceol; scríbhneoireacht, iriseoireacht, agus na meáin.
In 2026, the Creative Calling team wants to meet as many young people, and talk to as many creative organisations, as possible! Please come and chat to us at one of our upcoming events, and keep a close eye on the website for new announcements.
World Skills Ireland – Beidh seastán ag Creative Calling ina mbeidh léirithe cruthaitheacha agus taispeántais idirghníomhacha ag Comhdháil WorldSkills i mbliana. Tar anall chun bualadh linn!
Dátaí: 16-18 Meán Fómhair
Ionad: RDS, Cúirt Shíomóin, Baile Átha Cliath
Higher Options 2026 – Beidh seastán ag Creative Calling ina mbeidh léirithe ag imeacht Higher Options i mbliana. Tar anall chun bualadh le daoine a bhfuil post acu in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta. Táimid ag tnúth le bualadh leat ann!
Dátaí: 16-18 Meán Fómhair 2026
Ionad: RDS, Cúirt Shíomóin, Baile Átha Cliath
Creative Calling will attend events across the country (outside Dublin) later in 2026.