Skip to main content
Waterford Spray Painting

Ár gClár

I gcroílár na físe atá againn tá an tuairim go gcuireann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúir folláine aonair, pobail agus an náisiúin chun cinn.

1. Bonn a chur le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh

Cruthaíonn Óige Ildánach deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga chun an cumas iomlán cruthaitheach atá acu a bhaint amach. Tacaíonn muid lena bhfoghlaim, an chaoi a gcuireann siad iad féin in iúl agus forbairt phearsanta trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúir agus cruthaíochta laistigh agus taobh amuigh den chóras foirmeálta oideachais. Léigh Tuilleadh.

2. Bonn a chur leis an gCruthaíocht i nGach Pobal

Is tionscnamh faoi threoir na n-údarás áitiúil é Pobail Ildánacha atá ag déanamh ceannródaíocht ar chomhoibriú cruthaitheachta agus ar thionscadail tras-earnála áitiúla sna healaíona, san oidhreacht, i stair áitiúil, i STEAM agus i dtionscail chruthaitheacha agus ag tacú leo. Thacaigh muid le hos cionn 2,500 tionscnamh chruthaitheacha ar fud na tíre sa chéad dhá bhliain den Clár. Léigh Tuilleadh.

3. Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir

Déanfar infheistíocht chaipitiúil €1.2 billiún in Áiteanna Ildánacha d’infreastruchtúr an chultúir in Éirinn thar thréimhse deich bliana, mar chuid de Thionscadal Éireann 2040. Fógraíodh Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018-2027 faoi Chlár Éire Ildánach in Aibreán 2018 i Seomra Shaw a bhí nua-athchóirithe i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath.  Léigh an plean ar fad anseo nó breathnaigh ar an bhfíseán seo chun eolas faoin infheistíocht a fháil.

4. Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán Closamhairc

D’aithin Éire Ildánach gur chóir tús áite a thabhairt don earnáil closamhairc maidir le hinfheistíocht straitéiseach sa chéad bhliain den Chlár. Fógraíodh go raibh maoiniú breise €200 milliún á chur ar fáil do Scáileán Éireann sna 10 mbliana atá amach romhainn nuair a foilsíodh Plean Gníomhaíochta Closamhairc an Rialtais i Meitheamh 2018.

Tá cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc á mhaoirsiú ag grúpa oibre faoi chathaoirleacht na Roinne Cultúir le hionadaithe ó Scáileán Éireann, an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Cumarsáide, IDA, an Roinn Airgeadais, an Roinn Oideachais agus an BAI.

5. Clú na hÉireann ar fud an Domhain a thabhairt le chéile.

Chuir Clár Éire Ildánach le feasacht agus chuidigh le Tionscnamh Éire Dhomhanda 2025, d’fhonn a chinntiú go n-aithnítear cultúr agus cruthaíocht na hÉireann mar acmhainn a theastaíonn chun cur le clú agus tionchar na hÉireann thar lear.

Aithnítear le Náisiún Ildánach an luach atá sa leas a dhéanann cultúr ar leith na hÉireann dár gclú ar fud an domhain agus dár dtionchar ar fud an domhain. Tacaíonn muid agus cuireann muid le comhoibriú tras-ghníomhaireachta a bhfuil sé mar aidhm leis cultúr agus cruthúnas a chur i lár an aonaigh ó thaobh ár gcaidrimh idirnáisiúnta.

Daoine Ildánacha i bhfabhar infheistíocht agus aitheantas a thabhairt do shárchruthaíocht na hÉireann agus do nuálaíocht i dtionscail chruthaitheacha na tíre agus déanann sin a thacú agus a cur chur cinn. Oibríonn muid le gníomhaireachtaí, le ranna, le daoine aonair, le heagraíochtaí agus le ceannairí margaidh d’fhonn taighde a choimisiúnú, beartais a fhorbairt agus comhoibriú nua a chothú.

Stay up to date

×