Skip to main content
Le Chéile participant Adrian Conaghan with Royal Irish Academy of Music (RIAM) student Schuyler Perry PHOTO: Mark Stedman

RIAM - Le
Cheile

RIAM – Le Cheile

Le Chéile ina “athrú saoil” ag ceoltóirí atá faoi mhíchumas

Go dtí le tamall anuas, is ag plúr agus scoth na gceoltóirí amháin a bhíodh deis seinm i gceolfhoireann ach chuir Le Chéile athrú iomlán air sin.

Le cúnamh taca ó Éire Ildánach faoin gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta, thug Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann Ceolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann chun cinn.  Is é an compántas seo an chéad cheann dá leithéid in Éirinn agus is daoine faoi mhíchumas na ceoltóirí ar fad, daoine a bhfuil siondróm Down, uathachas agus pairilis cheirbeach ag gabháil dóibh ina measc.

Tá ceoltóirí as gach cúige sa cheolfhoireann trasteorann arbh i mBaile Átha Luain a thug siad an ceolchoirm is deireanaí.  Baintear úsáid as modh oibre ar a dtugtar “conductology”, arna cheapadh ag an Dr Denise White in Ollscoil Uladh, atá bunaithe ar ocht gcinn déag de chomharthaí a mbíonn aontaithe ina leith ag na ceoltóirí ar fad.

Deir Deborah Kelleher, Stiúrthóir an Cheol-Acadaimh Ríoga, gur “tráth cinniúnach” seo maidir leis an bhforbairt ar chúrsaí ceoil do dhaoine faoi mhíchumas.

“Is deacair a thuiscint cé chomh mór agus atá an t-athrú seo.  Ba dho-dhéantar roimhe seo cuireadh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas de chineálacha éagsúla foghlaim uainn, ach níl bac orainn feasta.  Táim ag tnúth go mór leis an gcéad ghlúin eile ceoltóirí a thagann chun cinn a fheiceáil.  Beidh siad éagsúil lena ndeachaigh rompu.”

Le Chéile participant Milo O’Brien (7) with Royal Irish Academy of Music (RIAM) student Maria Jose Rojas Cruz PHOTO: Mark Stedman

Tá ceoltóirí sa cheolfhoireann a sheinneann uirlisí ceoil den seandéanamh agus ceoltóirí eile a úsáideann deiseanna nua teicneolaíochta, mar shampla táibléad, iPad nó fón póca, atá níos áisiúla ag roinnt de na ceoltóirí óga.  Daoine idir 16 agus 30 bliana d’aois a bhíonn in Le Chéile.

Tá cistíocht ó Chiste Nuálaíochta Sóisialta na hÉireann aimsithe ag Le Chéile don bhliain 2020 ionas go ndéantar leathnú ar an togra chomh maith le crua-earraí/bogearraí nua a fhorbairt i ndáil le réaltacht fhíorúil. Le hurraíocht fhial ó Avolon, tá cinnteacht maidir le bunáit oifigiúil Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann ar champas athfhorbartha an Cheol-Acadaimh Ríoga ón mbliain 2021 amach.

Tá breis eolais agus dátaí ceolchoirmeacha ar fáil ar riam

Stay up to date

×