Theatre professional Emma Rice

Caint Cumhachta: Clár Cainteanna FEIG

19 Iúil 2017
2 nóim á léamh

Tá clár cainteanna Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, tacaithe ag Éire Ildánach ag fiosrú an oiread riochtaí is atá ag cumhacht i mí Iúil seo.

Urdhún cultúrtha 24/7, bíonn splanc Chathair na Gaillimhe níos lonraí fós gach Iúil nuair a tholgann an fhéile chlúiteach, Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, stoirm chruthaitheach eicléictiúil, ag cinntiú go mbíonn a rannpháirtithe toilteanacha iomlán spreagtha ar a himeacht.

Beidh an breis is 200 imeacht san fhéile ag taispeáint agus ag ceiliúradh líon suntasach na bhfoirmeacha ealaíne agus i mbliana beidh lá cinniúnach dá comóradh 40 bliain á cheiliúradh ag an bhfeile seo a bhfuil gair mhór léi. Thug Éire Ildánach, agus í i gcomhpháirt leis an bhféile, tacaíocht do chlár cainteanna mealltach FEIG do 2017, Bunsmaoineamh.

Beidh Bunsmaoineamh, beartas díospóireachta tarraingteach na féile, ag díriú ar chruthaitheacht a thaispeánann plé ina bhfuil ábhar machnaimh ann, le ceannairí machnaimh Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Bí ag súil le smaointe fadcheannacha agus tuairimí cruthaitheacha thar na ndisciplíní ealaíon agus neamh-ealaíon araon agus an téama don bhliain seo bunaithe ar chumhacht.

Beidh daoine a bheidh ag freastal ar an bhféile in ann cumhacht a fheiceáil faoi scrúdú trí rogha leathan de lionsaí spéisiúla, atá ceaptha bheith chomh tarraingteach agus atá sé taiscéalaíoch.

Cumhacht na hamharclannaíochta, neart cartúin agus eitic na róbat

I measc na rudaí a bheidh á bplé i rogha 18 gcaint beidh cumhacht an tosta leis na húdair Anne Enright, Joe O’Connor agus Roddy Doyle, teorainneacha leis an ngníomhaí teifigh agus scríbhneoir Fintan Drury, chomh maith le héifeacht na cumhachta ar an duine aonair leis an úrscéalaí Com Tóibín.

Beidh daoine a bheidh ag freastal ar an bhféile in ann cumhacht a fheiceáil faoi scrúdú trí rogha leathan de lionsaí spéisiúla, atá ceaptha bheith chomh tarraingteach agus atá sé taiscéalaíoch.

Ón stiúrthóir is déanaí ag Globe Shakespeare, Emma Rice, ag déanamh plé ar an gcumhacht dochreidte atá ag amharclannaíocht, go dtí fiosrú ar an neart agus an tionchar atá ag cartúin pholaitiúla leis an gCartúnaí Meiriceánach Tom Tomorrow, go dtí cumhacht na sárlaochra doshéanta atá mínithe ag painéal d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí greannáin, gan trácht ar an bhfiosrú eitice san aois ina bhfuil dul chun cinn ag róbait; is cinnte go bhfuil clár iontach ar fáil. Le lear mór topaicí á bplé, is cinnte go mbeidh Cathair na dTreabh ar lasadh le cumhacht an dioscúrsa chruthaithigh freisin.