Crinniu map blue

Céard a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath le haghaidh Chruinniú na Cásca?

05 Aibreán 2017
4 nóim á léamh

Tá go leor ag tarlú ar Luan Cásca i mBaile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad Chruinniú na Cásca riamh, lá náisiúnta na cruthaitheachta áit a mbainfidh gach duine sult agus spraoi as na himeachtaí. Faigh amach céard atá a bheidh ag tarlú i gcoirnéal gar duitse.

Tá go leor ag tarlú ar Luan Cásca i mBaile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad Chruinniú na Cásca riamh, lá náisiúnta na cruthaitheachta áit a mbainfidh gach duine sult agus spraoi as na himeachtaí. Faigh amach céard atá a bheidh ag tarlú i gcoirnéal gar duitse.

 

Ón 11am go dtí 6pm Dé Luain, an 17 Aibreán, beidh spleodar in Éirinn le haghaidh Chruinniú na Cásca, féile mhór nua do theaghlaigh a bheidh saor in aisce agus ina dtabharfar cuireadh don phobal ar fud na tíre a bheith páirteach i gcomóradh beoga ar chultúr, ar chruthaitheacht agus ar shaol comhaimseartha na hÉireann.

Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh leis an imeacht poiblí, Reflecting the Rising, a bhí ag RTÉ i mBaile Átha Cliath anuraidh, feicfear ag Cruinniú na Cásca beocht ag éirí i gceithre chrios ar fud lár na cathrach ar dhá thaobh na Life le clár iontach de cheol beo agus damhsa, téatar, ealaín agus ceardlanna códaithe, cainteanna agus blaiseadh, léamha agus scannáin, imeachtaí speisialta agus neart eile.

Beidh an oiread sin le feiceáil agus le déanamh, agus gur deacair do dhuine fios a bheith aige cá dtosóidh sé. Mar chabhair duit, seo roinnt de na buaicphointí as gach crios, nó téigh chuig Cruinniú na Cásca RTÉ ar líne chun an clár iomlán a fheiceáil.

Féach ar léarscáil de chriosanna imeachtaí Bhaile Átha Cliath anseo.

Crios 1: Cearnóg Mhargadh na Feirme

Déanfar mol beoga gníomhaíochtaí do shean is óg araon de na spásanna oscailte leathana ar Chearnóg Mhargadh na Feirme ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Más spéis leat an ceol, seo é an áit duitse, le léirithe beo ó roinnt de réalta nua na hÉireann mar aon le bannaí nua a bheidh ar stáitse.

  • Cloisfidh tú roinnt de na bannaí ceoil is breátha i mBaile Átha Cliath, dream ar nós We Cut Corners Loah, Soulé, The Academic, Banna Práis Booka agus neart eile ar Stáitse Bannaí RTÉ 2fm
  • Ag an Lighthouse Cinema, bain sult as léirithe speisialta de na scannáin Éireannacha nua is fearr
  • Gheobhaidh tú amach conas d’fhear bitheonach féin a dhéanamh ag ceardlann déanamh róbat
  • Bí i gcuideachta All Out Design le haghaidh ceardlainne sráidealaíne agus cath graifítí
  • Caith súil ar mheascán spraíúil de veaineanna luíochánaí VW clasaiceacha ag an taispeántas oscailte, saor in aisce
  • Bain triail as ceol a mheascadh ag Ceardlanna DJ RTÉ Pulse
  • Bí rannpháirteach i léiriú idirghníomhach plabfhilíochta speisialta faoi stiúir Colm Keegan
  • Déan roinnt breacaireachta ag ceardlanna maisithe le Laureate nua na nÓg PJ Lynch

Beidh Craoltóir Bóthair RTÉ 2fm ag craoladh beo ón 11am-5pm, le ceol beo agus agallaimh leis na bannaí agus leis na healaíontóirí a bheidh ag seinm. Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo freisin óna sheastán cainte ag an Generator Hostel ón 4-5pm.

Crios 2: Caisleán Bhaile Átha Cliath

Tabhair cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar an taobh ó dheas den chathair ar Luan Cásca le bheith páirteach in éagsúlacht mhór ealaíon agus siamsaíochta nach gcosnóidh dada ort.

  • Tabhair do chuid leanaí beaga chuig seónna draíochta agus puipéad, ceardlanna ealaíon agus ceardaíochta, péinteáil aghaidhe, múnlú balún agus neart eile, a bhuíochas do Sillybilly Events
  • Buail isteach le haghaidh sraith cainteanna agus díospóireachtaí painéil faoi shaol agus faoi chultúr na hÉireann
  • Déan rud éigin le do lámha ag ceann de cheardlanna iontacha Go4it agus foghlaim faoi ríomhchlárú, cruthú aipeanna agus forbairt cluichí fiú
  • Bí i gcuideachta an údair agus an óstaí Jim Carroll ag Banter, sraith painéil spraíúil agus siamsúil ag a bpléifear gach rud idir deochanna agus spórt go dtí gnó tapa an cheoil
  • Téigh ar bord bhus Leabharlann Soghluaiste Chathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh téatair, scéalaíochta, agus comhairliúchán le Dochtúir na Leabhar
  • Beidh tú ar mhuin na muice ag an Upper Courtyard Stage le bannaí mar Crash Ensemble, Slow Moving Clouds, Landless, agus Rue, agus daoine nach iad
  • Faigh amach cé chomh maith is atá tú ag fíricí fánacha agus bíodh gáire agat ag A Rather Dramatic Quiz
  • Tabhair cuairt ar an tsráidbhaile bheag ceardaíochta, á óstáil ag Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann 

Crios 3: Faiche Stiabhna

Má tá tú ar thóir gníomhaíochtaí a mbeidh spéis ag daoine óga iontu, tabhair cosán casta Fhaiche Stiabhna ort féin agus bain sult as an raon millteanach gníomhaíochtaí agus siamsaíochta a bheidh timpeall gach coirnéil.

  • Tabhair leat na leanaí chuig Clós Súgartha Idirghníomhach Imaginosity
  • Luigh siar san fhéar agus éist le ceol ó The Supertonic Orchestra, Casa Peru, Gloria agus tuilleadh ar an seastán bannaí
  • Déan iarracht rithim phobail a chruthú ag Fuinneamh, an druma 14 troigh ar féidir le gach duine torann a bhaint as
  • Bain sult as léiriú damhsa – agus b’fhéidir go bhféadfá cúpla céim a dhamhsa tú féin – idir dhamhsa Filipíneach agus Salsa Cúbach agus neart eile
  • Bain sult as ceol Cheolfhoireann Choirme RTÉ, Lisa Lambe, Hot House Flowers agus tuilleadh ar an Stáitse Ceolfhoirne
  • Tabhair cluais do fhilíocht bhuacach ó Poetry Aloud
  • Tabhair do chuid leanaí idir 0-4 bliana d’aois chuig Hoot Owl for Little Ones, ceardlann scéalaíochta agus ceardaíochta don teaghlach
  • Do leanaí a bhfuil uathachas ag dul dóibh, tabharfaidh ceardlanna speisialta do na céadfaí – idir scéalaíocht agus bheochan – bealach suaimhneach spreagthach dóibh chun an lá a chaitheamh
  • Stop ag pluais idirghníomhach Chime Cave agus déan torann beag tú féin
  • Lig do do leanbh rud a chruthú agus a fhoghlaim ag Ceardlanna d’Innealtóirí Óga Learn It LEGO

Beidh an clár Arena ar RTÉ Radio 1 ag craoladh beo ón Stáitse Ceolfhoirne ón 11am-1pm.

Crios 4: Cé Theach an Chustaim

Tabhair sciuird le hais na habhann go dtí Cé Theach an Chustaim ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath le haghaidh tráthnóna spraíúil spleodrach don teaghlach ar fad.

  • Bain lán do shúl as an tsuiteáil ealaíne is déanaí ó Mark Cronin agus 3D Street Art Ireland
  • Bainfidh na leanaí sult as a bheith ag marcaíocht ar an timpeallán traidisiúnta roithleagán ró nó sa chupán tae ar mhéid nádúrtha
  • Damhsaigh sna sráideanna ag Céilí Mór spleodrach ag Stáitse Theach an Chustaim
  • Téigh i gcuideachta Acadamh Síneach Dhamhsa Éireann le haghaidh trí léiriú de dhamhsa tíre na Síne agus beidh siotair thraidisiúnta á dtionlacan.
  • Bain sult as léiriú raiple húta ó Bhanna Píbe Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
  • Foghlaim damhsa nua – idir Bollywood go tangó go waack/punc – sa Chrios Damhsa
  • Suigh síos leis na saineolaithe (ar topaicí cosúil le hiascaireacht go dtí cúrsaí tógála) ag an bplé painéil oscailte Léargais faoin Tionscal
  • Tóg an chéad chéim le bheith i do cheoltóir traidisiúnta ag ceardlann phraiticiúil don cheol traidisiúnta
  • Faigh blaiseadh breá sa tSráidbhaile Bia, agus beidh spraoi agat ansin ag siamsaíocht don teaghlach sa limistéar picnice

Beidh clár raidió RTÉ Radio 1 Liveline le Joe Duffy ag craoladh beo ón stáitse ó 1.30-3pm.

 

Níl sna gníomhaíochtaí seo ach blaiseadh beag den chlár iomlán imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud chathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh na chéad bhliana de Chruinniú na Cásca. Buailimis le chéile agus bímis ag damhsa, ag ithe, ag gabháil fhoinn agus ag spraoi, saor in aisce, agus bíodh cuimhne go deo againn ar Luan Cásca na bliana seo!

 

Cén uair: Luan Cásca, an 17 Aibreán 2017 ón 11.00am – 6.00pm
Cén áit: Ceithre chrios ar fud lár chathair Bhaile Átha Cliath

Féach ar léarscáil de chriosanna imeachtaí Bhaile Átha Cliath anseo.

 

 

NOD DON EOLACH

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce, cé go bhfuil ticéid ar fáil le haghaidh roinnt acu mar gheall ar spás a bheith teoranta. Moltar go láidir duit d’áit a chur in áirithe roimh ré ar líne le haghaidh cainteanna, scannán, ceardlann a bheidh oiriúnach do dhaoine a bhfuil uathachas ag dul dóibh agus le haghaidh na ranganna códaithe. Is tionscnamh de chuid an Chláir Éire Ildánach é Cruinniú na Cásca leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus tá tacaíocht aige ó RTÉ, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí, Iompar d’Éirinn agus an 31 Údarás Áitiúil.

Féach ar an treoir sláinte agus sábháilteachta lena chinntiú go mbeidh lá spraíúil sábháilte ag gach duine an Cháisc seo.

Le haghaidh liosta iomlán imeachtaí, agus le do thicéid a chur in áirithe saor in aisce, téigh go dtí RTÉ Cruinniú na Cásca ar líne.