Still from The Breadwinner

An Chathair Mharmair beo le beochaintí

22 Feabhra 2018
3 min read

Beidh an scéalaíocht amhairc i mbéal an phobail a bhuíochas le féile úrnua, Kilkenny Animated, a reáchtálfar idir an 23 agus an 25 Feabhra.

Is í Cill Chainnigh lárionad beochana na hÉireann gan dabht. Tá an stádas sin á threisiú mar gheall ar fhéile úrnua atá á heagrú ag na ceannródaithe beochana, Cartoon Saloon. Cuirfear meán beoga na scéalaíochta amhairc os comhair an phobail san fhéile nua seo.

Déanfar ceiliúradh ar chartúin, ar bheochaintí agus ar léaráidí san fhéile, Kilkenny Animated, trí shraith taispeántas, cainteanna, taibhithe, ceardlann agus eispéireas ina ndíreofar aird ar chruthaitheacht agus ar cheardaíocht iontach na hamharcíomhá.

Déanfaidh an stiúideo beochana Cartoon Saloon – a ainmníodh le haghaidh Ghradam an Acadaimh faoi dhó – an fhéile a óstáil, agus is cinnte go mbeidh sráid-dreach meánaoiseach Chill Chainnigh ina láthair inspioráideach don fhéile. Is í seo an chéad fhéile ar domhan ina dtabharfar gnéithe éagsúla den scéalaíocht amhairc le chéile ar mhaithe le taitneamh an phobail amháin.

Nochtfar mionsonraí na foirme ealaíne seo le linn na féile, ar féile í atá oiriúnach do dhaoine de gach aois. Tá an clár lán le cainteoirí agus rannpháirtithe clúiteacha, mar shampla Carter Goodrich (Finding Nemo, Monsters Inc., Despicable Me), Tomm Moore (comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir Cruthaitheach, Cartoon Saloon), Francesca Natale (Angry Birds, Minions 2) agus go leor eile.

Thar htrí lá na féile, reáchtálfar ceardlanna, cainteanna agus sleamhnáin iontacha le cuid de na dearthóirí carachtair, de na maisitheoirí, de na beochantóirí agus de na cartúnaithe is fearr ar domhan.

Bain sult as meascán de sheó grinn ar do bhoinn agus beochan 2T le Bec Hill agus Howard Read; damhsa draíochtúil (a bhfuil duaiseanna buaite aige) agus beochan bheo leis an ngrúpa Ungárach Bandart; céadléiriú na sraithe beoite ó TG4, Cúl an Tí (Paper Panther, Cartoon Saloon) a nascann amhránaíocht thraidisiúnta agus beochan le ceol beo ó Kíla, Lisa Hannigan agus daoine eile. Eagrófar an chéad mhórléiriú de phríomhscannán Cartoon Saloon a ainmníodh le haghaidh Ghradam Golden Globe, The Breadwinner, sa Watergate Theatre. Cuirfear stiúrthóir an scannáin, Nora Twomey, faoi agallamh speisialta ina dhiaidh sin.

Thar thrí lá na féile, reáchtálfar ceardlanna, cainteanna agus sleamhnáin iontacha le cuid de na dearthóirí carachtair, de na maisitheoirí, de na beochantóirí agus de na cartúnaithe is fearr ar domhan atá freagrach as obair in Disney, Dreamworks, Pixar, The New Yorker, The New York Times, The Irish Times, The Washington Post, Sony Pictures, Universal Pictures agus The Jim Henson Company – agus in áiteanna iomráiteacha eile freisin. Reáchtálfar taispeántas ina mbeidh níos mó ná 200 saothar leis na cruthaitheoirí cumasacha idirnáisiúnta seo thar an deireadh seachtaine freisin.

Léigh an clár iomlán anseo agus faigh tuilleadh eolais faoin bhféile ar kilkennyanimated.com