Skip to main content
Le Cheile project


Nuacht

Comhcheol binn: Fógraítear an chéad cheolfhoireann óige in Éirinn do cheoltóirí faoi mhíchumas

Beidh Ceolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann ar an gcéad cheolfhoireann dá leithéid san Eoraip.

cheolfhoirne náisiúnta óige do cheoltóirí faoi mhíchumas in Éirinn fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. inniu.

Dul chun cinn comhoibríoch, uilechuimsitheach agus spreagúil do cheoltóirí óga na tíre a bheidh sa cheolfhoireann, atá á bunú faoi thionscadal Le Chéile de chuid Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann – agus í ar ceann den 30 tionscnamh a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu ón gclár Éire Ildánach faoin gCiste Cruthaitheachta Náisiúnta. Déanfaidh Le Chéile ensembles ceoil a fhorbairt do cheoltóirí óga faoi mhíchumas i ngach cúige in Éirinn, agus is é bunú Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann, an chéad cheolfhoireann dá leithéid san Eoraip, an buaicphointe a bheidh aige sin.

Sna ensembles seo, tabharfar ealaíontóirí éirimiúla atá faoi mhíchumas agus aoi-ealaíontóirí nach bhfuil faoi mhíchumas le chéile i ngrúpaí de 8-12 rannpháirtí. As seo go dtí Meán Fómhair 2019, buailfidh siad le chéile go rialta chun tabhairt faoi chumadh ar an láthair agus cumadóireacht le chéile, agus forbróidh siad eispéireas ceoil comhroinnte, speisialta.

Comhpháirtíochtaí Tríú Leibhéal

Beidh institiúidí tríú leibhéal i ngach cúige páirteach sa cheiliúradh seo ar uilechuimsitheacht san oideachas i dtaibhiú ceoil. Is ceannairí iad uile san éagsúlacht agus sa chomhionannas agus oibreoidh siad i gcomhar lena chéile chun ceithre ensemble uathúla a chruthú. Cuirfidh Ollscoil Uladh, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain fáilte roimh rannpháirtithe as cúigí Uladh, Laighean agus Chonnacht faoi seach, agus is i Scoil Cheoil Chorcaí (CIT) a bheidh ensemble na Mumhan lonnaithe, le tacaíocht ón ngrúpa ar son cearta daoine faoi mhíchumas, an Cope Foundation.

Lonnófar clár cónaitheachta amach anseo in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, ina rachaidh na ceithre ghrúpa ceoil i bpáirt le chéile don chéad thaibhiú de Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann i mí Mheán Fómhair 2019, a bhfuiltear ag súil go mór leis. Is tionscnamh suaitheanta de chuid an chláir Éire Ildánach é Ceolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann. Ó na grúpaí Le Chéile sna ceithre chúige a thiocfaidh baill na ceolfhoirne, a bheidh ar an gcéad cheolfhoireann náisiúnta óige in Éirinn a mbeidh ceoltóirí faoi mhíchumas á stiúradh.

Saoirse Ceoil

Úinéireacht agus rogha atá ag croílár Le Chéile agus beidh saoirse ag na rannpháirtithe óga dul i mbun taibhiú agus gnáth-uirlisí á seinm acu nó trí bhíthin Teicneolaíocht Cheoil Oiriúnaitheach (AMT) a úsáid. Ach teicneolaíocht amhail iPad agus braiteoirí gluaisne a úsáid, tugtar deis do cheoltóirí a bhfuil dúshláin fhisiciúla agus intleachta acu ceol a chumadh, a chumadh ar an láthair agus a sheinm ar leibhéal nach bhfacthas riamh cheana. Bainfidh na ceithre ensemble úsáid as modheolaíocht cheannródaíoch ar a dtugtar ‘Conductology’ freisin chun taibhiú ceoil d’ealaíontóirí faoi mhíchumas a stiúradh. An Dr Denise White as Ollscoil Uladh a d’fhorbair an mhodheolaíocht seo, a bhaineann úsáid as 18 gcomhartha shonracha arna gcomhaontú ag na ceoltóirí. Bainfidh na stiúrthóirí úsáid as an gcomharthaíocht choirp speisialaithe seo chun taibhiú agus cumadh ar an láthair a éascú i ngach ceann de na ceithre ensemble – an chéad chomharthaíocht choirp dá leithéid ar domhan.

Beidh níos mó i gceist le hobair Le Chéile ná na ensembles agus an cheolfhoireann – déanfar forbairt freisin ar chreat náisiúnta chun cumadh ceoil agus taibhiú ceoil a thabhairt chuig ár n-ealaíontóirí óga atá faoi mhíchumas. Leis an tionscadal seo, tabharfar deis d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceoltóirí ar fud na hÉireann agus cruthófar lámhleabhar agus mol acmhainní chun tacú le héascaitheoirí ensembles uilechuimsitheacha a chothú ar fud an oileáin.

Céim iontach í seo ó thaobh comhionannas a chuimsiú, éagsúlacht a cheiliúradh agus aitheantas a thabhairt do chumas ar gach leibhéal. Is féidir le gach duine againn port a chasadh Le Chéile.

Féadfaidh duine nó eagraíocht ar bith ar spéis leo tacaíocht a thabhairt do Le Chéile clárú ach teagmháil a dhéanamh le brendanbreslin@riam.ie

Léigh tuilleadh faoin 30 tionscadal faoin gCiste Cruthaitheachta Náisiúnta anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×