Brazil's Estudio Campana architecture

Dearadh, ceardaíocht agus ailtireacht idirnáisiúnta i gCorcaigh mí Mheán Fómhair seo

11 Meán Fómhair 2017
3 nóim á léamh

Tabharfaidh na hailtirí, na dearthóirí agus na ceardaithe is mó clú go hidirnáisiúnta aghaidh ar stiúideo an dearthóra troscán Joseph Walsh i gContae Chorcaí le haghaidh seimineár cruthaitheach an-speisialta.

Is é an teideal atá air Making in Art / Craft / Design / Architecture, agus tabharfaidh an dearthóir troscán clúiteach as Iarthar Chorcaí deis cainte do chuid mhaith de na guthanna is mó agus is bríomhaire ón Eoraip agus ó Mheiriceá Theas, i seimineár mí Mheán Fómhair seo a bhfuil sé mar aidhm leis smaointe a spreagadh, ceisteanna a chur agus inspioráid a thabhairt.

Tarraingeofar aird ar na cuir chuige éagsúla atá ag cruthaitheoirí éagsúla maidir le rudaí a dhéanamh, ó shaothar mín John Makepeace na Breataine go dtí dearadh pléascach Estudio Campana na Brasaíle. Léireofar sa seimineár an chaoi a bhfuil siad ar fad fréamhaithe sa chultúr ‘déantúsaíochta’ agus taispeánfar freisin na cosúlachtaí ina gcuid saothair éagsúla.

Déanfaidh Eagarthóir Faisin The Irish Times, Deirdre McQuillan, cathaoirleacht ar an lá, agus i measc na gcainteoirí eile beidh an dearthóir troscán comhaimseartha atá lonnaithe i Londain, Gareth Neal; an t-eolaí ábhar Chris Lefteri; an t-ailtire atá lonnaithe sa Ghearmáin Jörg J Berchtold; agus an t-ailtire atá lonnaithe i Londain Günther Schnell; an caoladóir iomráiteach as Éirinn Joe Hogan; agus na hailtirí clúiteacha as Baile Átha Cliath John Tuomey agus Sheila O’Donnell.

Ar cheann de na héachtaí is déanaí de chuid Joseph Walsh tá Magnus Modus, dealbh mhaorga déanta as sraitheanna éagsúla d’fhuinseog ológach lannaithe.

Ar cheann de na héachtaí is déanaí de chuid Joseph Walsh tá Magnus Modus, dealbh mhaorga déanta as sraitheanna éagsúla d’fhuinseog ológach lannaithe. Tá sé déanta go paiteanta, agus an dealbh chuartha seo mar ghné bhuan den chlós nua cúirte i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann atá athchóirithe as an nua.

Le healaíontóirí, dearthóirí agus oideachasóirí físeacha den sórt sin á n-óstáil ag duine de phríomhlucht deartha na hÉireann, is cinnte go spreagfaidh Making in Art / Craft / Design / Architecture comhrá luachmhar chruthaitheach i gcúinne bheag chiúin amuigh faoin tuath i gCorcaigh.

Beidh Making in Art / Craft / Design / Architecture ar siúl Dé Sathairn, an 23 Meán Fómhair i Stiúideo Joseph Walsh, Feartaigh, Contae Chorcaí.