Trad group Beoga

Deis agat ticéid a bhuachan chuig Other Voices i mBéal Feirste

20 Deireadh Fómhair 2017
3 nóim á léamh

Tugann an tsraith Other Voices meascán sainiúil ceoil, ealaíon agus meonta go Béal Feirste ón 26-28 Deireadh Fómhair agus beidh seans agat a bheith ann lenár gcomórtas speisialta.

I ndiaidh cuairteanna breátha ar Bheirlín, Austin, Nua-Eabhrac agus Londain, tá Other Voices ag tabhairt aghaidh ó thuaidh go Béal Feirste ar feadh trí lá mhóra.

Ar an 26-27 Deireadh Fómhair beidh scoileanna, eagraíochtaí óige agus pobail ón gcathair ag comhoibriú le chéile i gceithre imeacht mar chuid de Cheathrú Chruthaitheach Digital DNA. Is cinnte go dtaispeánfaidh na himeachtaí sin cumhacht an phobail trí mheán an cheoil agus na teicneolaíochta.

Ar an 28 Deireadh Fómhair beidh The Belfast Edge ar stáitse ag The Theatre ag an Duncairn Centre for Culture and Arts. Beidh deis ag an gcomhdháil smaointe maidir leis an gcruthaitheacht, cultúr, teicneolaíocht, oideachas agus beartais infheistíochta a thabhairt le chéile. Is síneadh é The Belfast Edge ar Ireland’s Edge, a bhíonn ar siúl sa Daingean gach bliain i rith fhéile Other Voices.

An tráthnóna céanna an 28 Deireadh Fómhair, tiocfaidh beocht in Stáitse Other Voices ag Halla Scoile Duncairn. Bí ag súil le féasta iontach de cheol beo ina dtaispeánfar seiteanna breátha ó uaisle an cheoil thraidisiúnta Beoga, bolscairí punc Dhoire Touts, seoidíní acústacha lo-fi ó Jealous of the Birds as Port an Dúnáin, beirt an phop-ghiotáir Picture This agus ceol tíre bríomhar Rosie Carney, a rugadh in Hampshire, agus a d’fhás aníos i nDún na nGall.

Faigheann Other Voices tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Éire Ildánach, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, BBC Thuaisceart Éireann, RTÉ agus Turasóireacht Thuaisceart Éireann. Díreoidh Other Voices Bhéal Feirste ar cheol, cruthaitheacht agus teicneolaíocht agus beidh sé ar siúl ar fud na cathrach.

Chun dhá thicéad a bhuachan le haghaidh Stáitse The Other Voices an 28 Deireadh Fómhair, seol an freagra ar an gceist seo a leanas chuig cicomp@chg.gov.ie:

  • Cá mbíonn Other Voices ar siúl gach bliain i mí na Nollag?

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar OtherVoices.ie