Man holding violin

GB18: Seachadadh cultúrtha na hÉireann

17 Iúil 2018
4 nóim á léamh

Le himeachtaí i gcomhair GB18: Ealaíona na hÉireann á gcur chun cinn sa Bhreatain i láthair na huaire, tá saothair ealaíontóirí, taibheoirí agus cruthaitheoirí dúchasacha á dtaispeáint dár gcomharsana sa Bhreatain agus moladh mór á fháil acu.

Táimid os cionn leath bealaigh tríd GB18 anois, clár nuálach bliana Chultúr Éireann ina gcuirtear ealaíona na hÉireann chun cinn sa Bhreatain, agus ina gcaithimid súil ar a bhfuil i ndán d’ealaíontóirí agus do thaibheoirí na hÉireann ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair.

Iúil-Deireadh Fómhair

An mhí seo, beidh téad ar bhogha le cloisteáil in Obar Dheathain (Aberdeen) agus in Aberdeenshire tráth a mbeidh Coinbhinsiún Fidle an Atlantaigh Thuaidh 2018 ar siúl. Le ceardlanna, cainteanna, preabsheisiúin agus céilithe ar siúl, déanfar comóradh san fhéile ar thraidisiúin mhórtasacha fhidil an Atlantaigh Thuaidh in Albain, in Éirinn, sna Críocha Lochlann agus in áiteanna nach iad. Agus in Haverfordwest, sa Bhreatain Bheag, cuirfidh Cór Aireagail Éireann clár de scoth na saothar cóir chomhaimseartha as Éirinn ar stáitse. Saothar é seo a cruthaíodh le scór bliain anuas.

Ar feadh mhí Iúil go léir, cuirfidh Músaem na hEalaíne Comhaimseartha i Londain saothar an ealaíontóra as Éirinn Richard Carr i láthair. Suiteáil shonach den scoth, déanann Dumb Listenings spás éisteachta den mhúsaem agus tugann cuireadh d’éisteoirí iniúchadh a dhéanamh ar cad a tharlaíonn nuair a thugann Carr ‘turais éisteachta’ neamhghnácha ar an Íoslainn.

Mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann i Lúnasa, is cinnte go gcuirfidh léiriú Druid de Waiting for Godot, nach bhfuil á shárú le fáil, lucht féachana faoi dhraíocht le saothar cumhachtach, cluanach, áiféiseach agus aitheanta Beckett. In Stratford upon Avon, beidh an té ar maith leis líníochtaí mionsaothraithe le peann luaidhe in ann cuairt a thabhairt ar thaispeántas leanúnach Eve Parnell dar teideal ‘Truth hath a quiet breast’. Fuair an saothar inspioráid ó William Shakespeare agus Hall’s Croft, foirgneamh iníon Shakespeare, chuir saothar Parnell lucht féachana faoi gheasa ar fud an domhain mhóir.

Waiting for Godot

Beidh Bailéid Sheomraí na Beairice á n-óstáil i Músaem Náisiúnta an Airm i Londain i rith mhí Lúnasa freisin. Seo é an chéad uair ag saothar an chumadóra Éireannaigh Conor Mitchell a bheidh á thaispeáint, suiteáil mhealltach atá ann ina bhfeictear téacsanna hallaí-ceoil Kipling á gcanadh ag daoine óga cumasacha ó The Belfast Ensemble agus Youth Music UK.

I Londain freisin an mhí sin, cuirfidh leagan stáitse de dhráma buacach an údair Éireannaigh a bhfuil gradaim buaite aige, Oliver Jeffers, How to Catch a Star leanaí ó 4 bliana suas faoi dhraíocht ag Southbank Centre.

I mí Mheán Fómhair, tiocfaidh amhráin ar an sean-nós faoin spotsolas nuair a thabharfaidh Lorcán Mac Mathúna aghaidh ar an stáitse ag Féile Eolaíochta Idirnáisiúnta Orkney. Ar dhuine de na taibheoirí is clúití i nglúin nua an tseánra, creideann an t-amhránaí as Corcaigh go bhfuil ceol agus scéalta croíúla an tsean-nóis fite fuaite ina chéile.

Ag an Barbican Theatre, rachaidh The Second Violinist i gcion go mór ar lucht féachana i Londain, seo scéinséir teann a mbeidh buille uaibhreach ag gabháil leis. Seo comhoibriú dochreidte leis an drámadóir Enda Walsh agus an cumadóir Donnacha Dennehy, seinnfidh an grúpa ceoil fuinniúil nua Crash Ensemble an ceol beo ar stáitse.

I mí Dheireadh Fómhair, tabharfar saothar Jesse Jones ón bhFéile Biennale chlúiteach, Tremble Tremble, a athshamhlú den chailleach mar shamhail fheimineach agus thrioblóideach sóisialta chuig an Talbot Rice Gallery i nDún Éideann. Agus leanfaidh an cumadóir Seán Clancy lena cheolchoirmeacha sa Ríocht Aontaithe, agus a shaothar mórscála bunaithe ar shintéiseoir dar teideal Ireland England ar camchuairt aige. Déantar iniúchadh machnamhach sa téacs a ghabhann leis na píosaí dordáin a chum Clancy ar na cúiseanna a dtéann muintir na hÉireann go dtí an Bhreatain Mhór.

 

Níl anseo ach blaiseadh beag de sheoid ealaíonta mhuintir na hÉireann a bheidh le feiceáil ar fud na RA le linn GB18.

Faigh amach faoi cad eile a bheidh ar siúl an chuid eile den bhliain ar cultureireland.ie/GB18