MindField at Electric Picnic

MindField @ an Phicnic Leictreach: Solas á Chaitheamh ar an gCruthaitheacht

11 Lúnasa 2017
4 nóim á léamh

Tá Éire Ildánach ag dul i gcomhar le spás cruthaitheach na Picnice Leictrí chun breathnú ar an gcruthaitheacht mar chroí na daonnachta i Meán Fómhair na bliana seo.

Ag breathnú ar an difear idir an duine daonna agus meaisíní i ré na teicneolaíochta - intinn fhiosrach chruthaitheach - rachaidh clár MindField na bliana seo i gcomhar le Éire Ildánach chun machnamh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus breathnófar ar nádúr na cruthaitheachta. Cuid de chamchuairt Éire Ildánach ar fhéilte agus ar imeachtaí ar fud na tíre is ea MindField.

Beidh roinnt stáitsí sa chuid MindField den suíomh ar an tSráidbhaile agus d’fhéadfaí bheith ag súil le ceisteanna casta, freagraí inspioráideacha, díospóireachtaí teasaí, ábhar gáire, smaointe conspóideacha, filíocht bhrónach, óráidí spreagúla, eolaíocht shuimiúil, drámaí iontacha, litríocht den chéad scoth agus tuilleadh.

Beidh Mindfield ar siúl ar an 1-3 Meán Fómhair, agus léireofar leis an gclár an chaoi a gcothaíonn na daoine atá taobh thiar den ealaín agus den chultúr an tsochaí féin agus déanfar scagadh air sin.

Beidh éirí croí, plé, smaointe agus taispeántais le feiceáil ar na stáitsí uile, féach thíos chun léargas a fháil ar chlár mealltach na bliana 2017.

Stáitsí MindField

Beidh leagan amach nua ar a dtugtar ILLUMINATE! ar Stáitse Leiviathan a mbíonn an-tóir air i gcónaí agus is é Blindboy Boatclub ó Rubberbandits a bheidh i gceannas air. Tabharfaidh cuid de na healaíontóirí is fearr in Éirinn léargas ar na próisis chruthaitheachta a bhíonn acu agus ar rudaí a théann i bhfeidhm ar an gcruthaitheacht, lena n-áirítear an fhoireann a chruthaigh RIOT! an cabaret ar éirigh thar barr leis le linn an tsamhraidh, Lorna Ross ó Fjordnet; an t-ealaíontóir Blaise Smith; an dearthóir Annie Atkins; an t-aisteoir Clare Dunne; agus an chef Kevin Thornton.

Cuirfidh an t-údar agus comhfhreagraí eachtrach clúiteach de chuid an BBC Fergal Keane an seó nua My Secret Planet i láthair. Deirtear gur meascán de na cláir cháiliúla raidió Desert Island Discs agus On the Psychiatrist’s Couch a bheidh ann agus beifear ag iarraidh a fháil amach cé na tionchair chultúrtha is mó atá ar ealaíontóirí mór le rá a bheidh ag an bPicnic Leictreach.

Beidh Soundings, meascán spéisiúil de phodchraoltaí beo agus ceol ar siúl arís i mbliana. Beidh na láithreoirí Lisa Hannigan agus Dylan Haskins ag labhairt le Saint Sister mar aon le roinnt aíonna speisialta eile. Agus Fleadh Idirnáisiúnta Scannán na Gaillimhe, díreach curtha de, cuirfidh an ceoltóir agus an scannánóir Nick Kelly a scannán ‘The Drummer and the Keeper’ ar ar bronnadh duaiseanna cheana i láthair den chéad uair.

Beidh an craoltóir Miriam O’Callaghan agus an fuirseoir Al Porter ag dul i gcomhar arís i mbliana le haghaidh Miriam and Al’s Sunday Brunch – athbhreithniú spraíúil ar nuachtáin an Domhnaigh le haíonna speisialta agus ceol. Beidh Blindboy Boatclub ar ais agus é i gceannas ar dhá dhíospóireacht mhacánta FACTION ar an bpolaitíocht agus ar na meáin leis an gcomhfhreagraí cogaidh, Shona Murray, an t-eacnamaí, David McWilliams agus eile; beifear ag iarraidh míchlú a tharraingt ar an mbréagnuacht agus breathnú ar an gcaoi a gcabhraíonn faisnéis atá bunaithe ar fhianaise le daoine cinntí maithe a dhéanamh.

Beidh Amnesty Hour ar ais arís i mbliana le It’s Time: Repeal the 8th roimh an reifreann a bhfuiltear ag súil leis an bhliain seo chugainn leis na painéalaithe Tara Flynn, Róisín Ingle, Anne Ingle, Lynn Ruane agus Colm O’Gorman. Beidh na mná teanntásacha inspioráideacha seo ag labhairt agus ag canadh fiú faoi Éirinn atá ag athrú.

Beidh roinnt stáitsí sa chuid MindField den suíomh ar an tSráidbhaile agus d’fhéadfaí bheith ag súil le ceisteanna casta, freagraí inspioráideacha, díospóireachtaí teasaí, ábhar gáire, smaointe conspóideacha, filíocht bhrónach, óráidí spreagúla, eolaíocht shuimiúil, drámaí iontacha, litríocht den chéad scoth agus tuilleadh.

Beidh plé speisialta leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn ar eolaíocht na cúirtéireachta ar líne, cuirfidh Paddy Cullivan i láthair a sheó nua aoire polaitiúla ‘26 + 6 = 1’ faoi Éirinn Aontaithe sa todhchaí; Cuireann History Ireland Hedge School de chuid Tommy Graham dhá phainéal ríshuimiúil ar chomóradh 100 bliain na Réabhlóide Boilséiví agus ar chomóradh 40 bliain shamhradh an phunc – 1977 i láthair; agus déanfaidh Salon du Chat plé eolach éadrom ar maidin – gan mionchomhrá a dhéanamh.

Beidh roinnt imeachtaí ar siúl ar an Word Stage lena n-áirítear plabfhilíocht, scoth an cheoil smúir agus hip hap ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe, bannaí ag seinm beo, drámaí agus greann. Beifear ag súil le seiteanna iontacha ó Mango and Mathman, Mr Hovis, Good Man Sheila a mbíonn an-tóir orthu ag féilte, Cronin, Ska’s Good Gravy, Movment, ceoltóirí rap Stone and Jezreel, Áine Tyrell agus SON (nó Susan O’Neill).

Tabharfaidh Gailearaí na hEolaíochta Bhaile Átha Cliath a thugann an eolaíocht agus na healaíona le chéile an taispeántas nuálach Sound Check go Laois. Tabharfaidh saineolaithe i réimsí éagsúla amhail an intleacht shaorga agus ealaín a úsáid chun réitigh a fháil ar an athrú aeráide cainteanna gearra suimiúla uathu ar an eolaíocht, ar an teicneolaíocht agus ar an ealaín. Cuirfidh Coder Dojo ceardlanna cruthaitheacha ar siúl gach lá ar an gcódú, ar an gcluichíocht agus ar cheol a dhéanamh do dhaoine óga.

Beidh meascán úrnua de dhrámaí, greann, plabfhilíocht agus damhsa gaelach a théann i ngleic le hÉirinn na mílaoise le feiceáil ar an Theatre Stage a chuirtear os comhair an phobail i gcomhpháirt le Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i mbliana. Beidh an fuirseoir ainrialta Paul Currie, file cónaithe Bohemians FC Lewis Kennedy agus an t-ealaíontóir focal labhartha Felispeak a rugadh sa Nigéir ach a tógadh i gCo. an Longfoirt ann mar aon le seó aonmhná leis an aisteoir Clare Dunne, The Humours of Bandon le Mags MacAuliffe, George Bush and the Children le Dick Walsh; The Definitive View le Brownbread Mix Tape; agus BlackCatFishMusketeer le MALAPROP. Cuirfear clár iontach i dtaca leis an meabhairshláinte a rinne A Lust for Life – Pieta House, a bhuaigh an Social Entrepreneurs Award 2016, i láthair ar an Theatre Stage san oíche agus beidh an suiteán Wall of Sound i gcroílár an láthair MindField freisin.

Beidh An Puball Gaeilge ag Mindfield don deichiú uair i mbliana agus léireofar go bhfuil flúirse siamsóirí Gaeilge ann anois. Cuirfear níos mó ná 30 banna, leithéidí Seo Linn, IMLÉ, Aeons agus na hamhránaithe Rónán Ó Snodaigh agus Dominic Mac Giolla Bhríde os comhair an phobail ag trí imeacht cabaret a chuirfidh Raidió Na Life, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Nós, iris Gaeilge ar líne i láthair.

Cuirfidh bannaí ceoil thraidisiúnta, lena n-áirítear Polca 4, The Bonny Men, Círéib, Dó Fá Dó agus Super Céilí a leagan féin den cheol traidisiúnta i láthair.

Beifear sna trithí ag gáire leis na fuirseoirí Gaeilge Gaeilgáirí agus beidh an chéad chór bearbóirí Gaeilge ar an stáitse ann freisin. Cuirfidh Oireachtas na Gaeilge an ceol traidisiúnta i láthair ar feadh uaire agus beidh damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós ann agus, dar ndóigh, beidh céilí mór ann freisin.

Beidh Ted Talks Gaeilge Thomáis Uí Aodha, Imbolc, ar siúl maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus beidh lucht na picnice in ann briseadh beag a thógáil agus ióga agus ranganna aclaíochta a dhéanamh ar an bhféar.

Tabharfaidh Fíbín faoin stáitse freisin lena seó fánaíochta faoistiniúil agus déanfaidh Brian Fleming codanna dá sheó aonfhir a fuair ardmholadh, 'Gis a Shot of Yer Bongos'. Chomh maith leis sin, cuirfidh Seán agus Niall Mac Donnchadha a dtreoir chun marthana in Éirinn atá barrúil amach is amach i láthair ar stáitse an Phubaill Gaeilge.

 

Bí réidh le haghaidh deireadh seachtaine lán le plé oscailte agus radhairc agus fuaimeanna bríomhara, faigh tuilleadh eolais ag electricpicnic.ie

Creative Ireland @Electric Picnic 2017 Preview

The Theatre Stage, this year in association with Dublin Theatre Festival, will feature a fresh and fiery mix of theatre, comedy, slam poetry and Irish dancing that gets under the muddy skin of millennial Ireland. The line-up includes anarchic comedian Paul Currie, Bohemians FC’s poet in residence Lewis Kennedy and Nigerian-born, Longford-raised spoken word artist Felispeaks as well as a one-woman show from actress Clare Dunne, The Humours of Bandon by Mags MacAuliffe, George Bush and the Children by Dick Walsh; Brownbread Mix Tape's The Definitive View; and MALAPROP's BlackCatFishMusketeer. By night, the Theatre Stage plays host to an amazing mental health-oriented programme assembled by A Lust for Life – Pieta House, winners of the 2016 Social Entrepreneurs Award, together with the Wall of Sound installation in the heart of the MindField arena.

Celebrating its tenth MindField appearance, An Puball Gaeilge will showcase just how the range and choice of Irish language entertainers has grown. With over 30 bands, the likes of Seo Linn, IMLÉ, Aeons and singers Rónán Ó Snodaigh and Dominic Mac Giolla Bhríde perform at three cabaret style events hosted by Raidió Na Life, Rónán Mac Aodha Bhuí and online Irish magazine Nós. Trad bands like Polca 4, The Bonny Men, Círéib, Dó Fá Dó and Super Céilí will present their broad take on the ever expanding Irish traditional music landscape.

Irish language comedians Gaeilgáirí will be splitting sides, while the first Irish language Barbershop Choir will take to the stage too. Oireachtas Na Gaeilge will present an hour of traditional music with sean nós dancing and singing followed, of course, by a stomping céilí. Tomás Ó hAodha's Irish language Ted Talks, Imbolc, will liven up Saturday and Sunday morning, and picnickers may even get to refresh their minds with ‘yóga’ and physical exercise classes on the grass.

Setting a theatrical stage will be Fíbín and their walkabout confessional show, while Brian Fleming will perform excerpts from his unforgettable one-man show, 'Gis a Shot of Yer Bongos'. Seán and Niall Mac Donnchadha will also bring their hilarious survival guide to Ireland to the Puball Gaeilge stage.

Ready yourself for a weekend of mind-opening discourse and dynamic sights and sounds, find out more at electricpicnic.ie