Skip to main content
Business to Arts’ dynamic Artist-in-Residence Programme


Nuacht

Ó spás oifige go spás ealaíonta: Fógraítear áiteanna oibre le haghaidh Chlár Ealaíontóra Chónaithigh Business to Arts

Roghnaíodh trí ghnólacht le bheith rannpháirteach sa leathnú réigiúnach den Chlár Ealaíontóra Chónaithigh dhinimiciúil seo.

Is ceann amháin é seo de 30 tionscnamh faoi Chiste Náisiúnta Ildánachta an chláir Éire Ildánach. Lorgaíodh léirithe spéise ina leith ó ghnólachtaí ar spéis leo gníomhaíochtaí úra freagrachta sóisialta corparáidí a fhorbairt (nó cinn a bhí acu cheana a fheabhsú) trí Chlár Ealaíontóra Chónaithigh Business to Arts. Leis an gCiste Náisiúnta Ildánachta, cuirtear ar chumas an chláir Éire Ildánach raon de thionscnaimh nuálacha, a bhfuil an ildánacht agus an fholláine lárnach iontu, a chur i ngníomh, a chumasú agus a chothú.

Eagraíocht charthanachta é Business to Arts a éascaíonn agus a thacaíonn le comhpháirtíochtaí cruthaitheacha idir gnóthaí, daoine aonair agus na healaíona. Faoin gClár Ealaíontóra Chónaithigh nuálach seo, bainfidh trí chomhlacht rannpháirteacha tairbhe as comhoibriú le healaíontóir agus le grúpa pobail réigiúnach áitiúil a bhaineann lena n-aidhmeanna freagrachta sóisialta corparáidí féin.

Is iad na trí ghnólacht a roghnaíodh: BHP Insurance (Baile Átha Cliath), a bhfuil sé beartaithe acu comhoibriú le pianódóir chun teaglaim de thionscnaimh bunaithe ar thaibhiú agus oideachas a fhorbairt do chliaint san earnáil neamhbhrabúis; The Ludgate Hub (Corcaigh), a bheidh ag obair le healaíontóir áitiúil agus le pobal áitiúil de dhaoine níos sine le nasc a dhéanamh leis an diaspóra atá ag dul in aois, trí theicneolaíocht agus cruthaitheacht; agus LK Shields (Gaillimh), a bhfuil sé beartaithe acu oibriú le healaíontóir bunaithe ar thaibhiú d’fhonn fiosrú a dhéanamh ar úsáid teicnící taibhithe chun scileanna léirithe agus ceannasaíochta a fhorbairt.

Deis uathúil é seo chun uaillmhian, amhantar agus nuálaíocht a spreagadh trí leas a bhaint as tallann agus as paisean dochreidte ár gcuid ealaíontóirí, ár bpobal cruthaitheach agus ár nuálaithe áitiúla gnó; coinnigh súil ar an spás seo, nó, ba chirte a rá, ar na spásanna oibre seo!

Tá fáilte roimh ealaíontóirí ar spéis leo comhoibriú le comhlachtaí a n-ainm a chur le clár Business to Arts trí ríomhphost a chur chuig info@businesstoarts.ie. Féach ar businesstoarts.ie le haghaidh níos mó eolais.

Stay up to date

×