An Taoiseach Enda Kenny

Óráid an Taoisigh ag seoladh Pleananna Cultúir agus Cruthaitheachta

29 Bealtaine 2017
4 nóim á léamh

Ar an 25 Bealtaine 2017, seoladh 31 Plean Cultúir agus Cruthaitheachta de chuid Údarás Áitiúil, léigh óráid an Taoisigh a tugadh ar an lá.

An Taoiseach Enda Kenny

Léigh thíos óráid an Taoisigh Enda Kenny a tugadh ag an seoladh i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath nó breathnaigh ar shliocht uaidh san fhíseán thuas.

"Is ócáid thábhachtach í seo mar go léirítear spiorad Éire Ildánach: pobal, cumhachtú áitiúil, rannpháirtíocht agus comhoibriú.

Ní focail ná smaointe teibí iad seo - is nithe riachtanacha iad seo lena dtógfar sochaí níos fearr, agus caighdeán maireachtála níos fearr do chách.

Tá obair mhór déanta cheana féin agus tá go leor agaibhse sa seomra seo ag obair air seo le roinnt mhaith blianta anois - mar ba chóir dúinn cuimhneamh gur thosaigh an t-aistear seo deireanach sa bhliain 2014 nuair a thosaigh muid amach lenár gcuid pleananna agus tnúthán do bhliain an Chomórtha.

Daoibhse ar fad atá ag obair le cinntiú go mbíonn rath ar Éire Ildánach, ba mhaith liom buíochas ó chroí a chur in iúl ar mo shon féin agus thar ceann an Rialtais. Ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghabháil libhse a d’oibrigh ar an gcomóradh céad bliain chomh maith. Chuir muid go leor dualgas oraibh i gcaitheamh 2015 agus 2016 agus anois, gan sos ar bith ar fiú trácht air, tá muid ag iarraidh oraibh dul i mbun oibre arís.

San obair sin ar fad léirigh sibh flaithiúlacht agus idéalachas. Tá súil agam go dtuigeann sibh a thábhachtaí is atá bhur gcuid oibre.

Mar sin is mór an pléisiúr a bheith libh arís agus cor cinniúnach eile slánaithe le linn aistear Éire Ildánach. Lig dom cuid de na buaicphointí eile atá feicthe againn go dtí seo a chur i gcuimhne daoibh.

· I mí Meithimh 2016, chuir mé féin agus an tAire Humphreys tús lenár bplé le John Concannon faoi thionscnamh féideartha oidhreachta le tairbhe a bhaint as na leibhéil rannpháirtíochta nach bhfacthas riamh roimhe i measc saoránach i gClár Comórtha Céad Bliain Éire 2016;

· Faoi mhí Mheán Fómhair, bhí muid i mbun comhairliúchán forleathan le cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfaimis tionscnamh tábhachtach agus feiliúnach a chruthú;

· Faoi mhí na Samhna bhí dréachtchlár againn a raibh, dar linne, fíorthábhacht Bhliain an Chomórtha Céad Bliain le feiceáil ann - comhoibriú fad bliana le pobail áitiúla le machnamh a dhéanamh ar fhéiniúlacht, ar phobal agus ar shaoránacht;

· I mí na Nollag, sheol muid Éire Ildánach go hoifigiúil;

· I mí Eanáir, bhunaigh gach ceann den 31 Údarás Áitiúil foireann chultúir Éire Ildánach le

saineolas a tharraingt le chéile ó na dána, ó chúrsaí oidhreachta, ó leabharlanna, ó chartlanna, ó iarsmalanna agus ó phobail - agus plean do cheantair áitiúla a dhréachtú;

· I mí Eanáir chomh maith, chonacthas Éire Ildánach i SAM den chéad uair le mórsheoladh inár gConsalacht i Nua-Eabhrac;

· I mí Feabhra, mí Márta agus mí Aibreáin, d’fhreastail na mílte duine, mé féin san áireamh, ar 35 ceardlann poiblí ar fud na tíre - ba ghníomhaíocht fíor-rathúil a bhí ansin agus tá sé tábhachtach a aithint gur a bhuíochas do bhur gcuidse iarrachtaí a bhí sé sin;

· In Washington ar Lá Fhéile Pádraig, sheol muid suíomh gréasáin nua d’Éirinn, Ireland.ie, chomh maith le gearrscannán, Seo í Éire, atá roinnte agus feicthe ag breis agus 2 mhilliún duine ar fud na cruinne;

· Ar Luan Cásca, ghlac breis agus leathmhilliún duine páirt i lá nua náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann - Cruinniú na Cásca, agus cuireadh cruinnithe ar siúl i ngach contae sa tír - a bhuíochas don sárobair a rinne sibh féin arís;

Níl ansin ach cuid de na hócáidí móra poiblí, ach bhí sé seo ar an gceapadh beartais is mó a ndearnadh comhoibriú air agus is mó a ndeachthas i gcomhairle faoi dá bhfaca mé riamh le linn saol fada polaitíochta."

Tá rud fíor-uaillmhianach idir lámha againn - ag tapú na deise, ag freagairt do dhóchas forleathan atá le brath anois agus rathúnas ag teacht ar ais go n-éireoidh níos fearr linn an babhta seo - gur féidir linn infheistíocht a dhéanamh ionainn féin, agus inár gcuid páistí go háirithe.

"Níl sé éasca in aon chor. Tá rud fíor-uaillmhianach idir lámha againn - ag tapú na deise, ag freagairt do dhóchas forleathan atá le brath anois agus rathúnas ag teacht ar ais go n-éireoidh níos fearr linn an babhta seo - gur féidir linn infheistíocht a dhéanamh ionainn féin, agus inár gcuid páistí go háirithe.

Cé nach bhfuil sé éasca, ní hé sin le rá nach fiú é a dhéanamh.

Tá tábhacht mhór leis an tionscnamh seo mar go gcinntíonn sé go mbeidh úinéireacht ag gach duine ar oidhreacht Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 - agus caithfidh muid é sin a chur i gcuimhne dúinn féin seasta. Ar ndóigh, anois is arís aireoidh muid spíonta ag an iarracht mhór a theastaíonn le clár chomh mór agus chomh uaillmhianach leis seo a bhrú chun cinn.

Ach caithfidh muid coinneáil orainn - is é an rud ceart le déanamh dár dtír. Is é sin an fáth ar clár uile-rialtais atá ann, an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta ag obair as láimh a chéile, agus sin an fáth gur faoin tréith fíordhaonna sin atá sé - an chruthaitheacht.

Is é an cumas sin rudaí a ‘chruthú trí chomhoibriú’ a thugann ár gcuid daonnachta dúinn. Is é sin atá taobh thiar de gach dul chun cinn, go polaitiúil agus go sóisialta. Nuair a thagann deireadh leis an gcruthaitheacht, nuair nach mbíonn muid ag comhoibriú a thuilleadh, is ansin a thosaíonn rudaí ag titim as a chéile.

Ba mhaith liom sibh a mholadh as na cláir seo. Is tús fíorthábhachtach atá iontu agus léirítear iontu an raon iontach cruthaitheach atá le fáil inár bpobail.

Theastaigh uaim sampla ionadaíoch den chineál gníomhaíochtaí agus imeachtaí atá ag teacht chun cinn trí na cláir seo a fheiceáil. Níor roghnaigh mé ach imeacht amháin ó chlár amháin, ní de bharr gurb é an ceann is mó ná an ceann is fearr, ach de bharr go léiríonn sé na luachanna agus na hardmhianta atá taobh thiar den chlár.

Imeacht ó chlár Dhún na nGall atá ann darb ainm Wainfest - féile ealaíon agus leabhar do pháistí. D’fhéadfaí an t-uafás a rá faoi Wainfest. Tá sé á chur ar siúl le 21 bliain anuas - mar sin tá muid ag tógáil ar a bhfuil againn cheana; Go deimhin is í Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a chruthaigh é - fianaise ar ról na n-údarás áitiúil sna healaíona agus i gcultúr; Tá sé dírithe ar pháistí - agus tá sé ag teacht chun solais go mór gur dírithe ar pháistí i ndáiríre atá Éire Ildánach; Cuimsíonn sé oidhreacht chomh maith leis na healaíona - rud atá fíorthábhachtach in Éire Ildánach mar go gcuimsíonn sé áit agus teanga chomh maith leis na príomhthréithe, féiniúlacht agus cultúr; Agus is iarracht chomhoibríoch atá i gceist le Wainfest, a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Iarsmalann an Chontae, Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall - agus anois Éire Ildánach - páirteach ann.

Chuirfinn leis sin chomh maith gur breá liom an teideal - féile do ‘wains’ - le cur i gcuimhne dúinn gurb ionann Dún na nGall agus Albain ar go leor bealaí - ach ní ag caint faoi Bhreatimeacht atá muid inniu!"

Is é an cumas sin rudaí a ‘chruthú trí chomhoibriú’ a thugann ár gcuid daonnachta dúinn. Is é sin atá taobh thiar de gach dul chun cinn, go polaitiúil agus go sóisialta. Nuair a thagann deireadh leis an gcruthaitheacht, nuair nach mbíonn muid ag comhoibriú a thuilleadh, is ansin a thosaíonn rudaí ag titim as a chéile.

"A dhaoine uaisle, ag an am céanna agus muide ag cur Éire Ildánach le chéile mar smaoineamh, bhí scríbhneoir do pháistí darb ainm Frank Cottrell Boyce ag scríobh i nuachtán an Guardian faoina thaithí ag obair ar shearmanas oscailte Chluichí Oilimpeacha Londan in 2012. Scríobh sé faoi roinnt mhaith de na rudaí a bhfuil muide ag caint fúthu anois, tábhacht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta mar chuid de thaithí an tsaoil, tábhacht na scríbhneoireachta ina chás-sa. Dúirt sé:

'Ní bhím ag scríobh le daoine a spreagadh le bheith ina scríbhneoirí. Bím ag scríobh lena spreagadh le bheith ina léitheoirí. Mar creidim go mbíonn léitheoirí maithe níos fearr mar innealtóirí, mar bháicéirí, mar mháinlianna, mar thuismitheoirí agus mar chéilí atá i bhfad níos sásta iontu féin.'

Is fíor sin i dtaca le gach foirm eile den chruthaitheacht chomh maith. Ní ealaíontóirí muid uile ach is féidir leis an healaíona cur lenár saol agus é a shaibhriú. Cuidíonn na healaíona agus an cultúr linn a bheith níos fearr mar dhaoine, agus mar shochaí - daoine níos fearr a thuigeann grá a roinnt le chéile.

Tá smaoineamh deiridh amháin ba mhaith liom a fhágáil libh. Is faoi mhuinín agus flaithiúlacht atá sé. Ba mhór an rath é 2016 ar go leor cúiseanna, ach ceann de na cúiseanna - an phríomhchúis, seans - is ea gur shocraigh muid a bheith muiníneach asainn féin, agus ghlac daoine ar fud na tíre go flaithiúil leis an muinín sin.

Bhí muinín ag an rialtas as na húdaráis áitiúla, agus ag na húdaráis áitiúla as grúpaí pobail. Ní raibh aon teachtaireacht don Chomóradh Céad Bliain, ní raibh aon cheartchreidmheacht. Thug ealaíontóirí agus staraithe aghaidh ar an mbliain le saoire iomlán - agus ghlac an pobal leis sin le meon agus le croí oscailte. Chuir na mílte duine go mór leis an mbliain, gan aon súil acu le cúiteamh ná le haitheantas.

Is iad na tréithe sin, an mhuinín agus an fhlaithiúlacht, atá muid ag iarraidh a tharraingt linn arís le hÉire Ildánach. An fhlaithiúlacht a bhaineann le gach uile dheis chruthaitheach agus is féidir a thabhairt dár bpáistí, agus a bheith muiníneach go mbeidh siad níos fearr mar dhaoine, mar shaoránaigh, dá bharr, agus go gcruthóidh siad Éire níos fearr dúinne ar fad.

Beir bua - go raibh maith agaibh."