Two girls

“Rud ar bith a chuireann ag caint muid, déanann sé maitheas don chomhphobal”

26 Deireadh Fómhair 2018
1 nóim á léamh

Bunaithe ar agallaimh le máithreacha na gcruthaitheoirí féin, déanann Freshly Ground Theatre ó Thamhlacht grinnscrúdú ar na hathruithe atá ag teacht ar an gcaoi ina ndéantar cur síos ar óige mná, ar bhanúlacht agus ar mháithreachas.

In éineacht le cúigear ealaíontóirí óga ó chomhphobal Thamhlachta tá an cumadóir amharclannaíochta Martha Knight agus Freshly Ground Theatre tar éis The Bold Step a léiriú, ina ndéantar iniúchadh ar chuimhne agus ar na naisc idirghlúine.

“De réir mo thaithí féin, is cur chuige comhoibríoch é an amharclannaíocht chun saothar a chruthú [...] spreagann an tionscadal seo daoine le dul siar ar a gcuimhní cinn, machnamh a dhéanamh ar a n-óige féin [agus] rudaí a phlé le chéile.”

Bhíothas in ann an tionscnamh a chur ar siúl a bhuíochas le Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas.

Féach ar Martha ag labhairt faoi The Bold Step san fhíseán gearr thíos.

#CreativeCommunities

 

Martha, Creative Communities