Child drawing

Scaipeann Cruinniú na nÓg cruthaitheacht óigeanta ar fud na tíre an Meitheamh seo

30 Bealtaine 2018
2 nóim á léamh

Tosaíonn an lá beo, saor in aisce agus cuimsitheach seo de chruthaitheacht na hóige ar fud na tíre an 23 Meitheamh.

Tugtar deis sa cheiliúradh beoga seo ar rannpháirtíocht chultúrtha agus chruthaitheach ár n-ógánach do leanaí suas le 18 mbliana taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ina gceantar áitiúil.

Tá sé mar aidhm leis an gclár atá lán le saibhreas imeachtaí saor in aisce, áitiúla, bunaithe ar ghníomhaíochtaí leanaí agus daoine óga a spreagadh a bheith rannpháirteach ag ‘déanamh’ rudaí, agus ag ‘cruthú’ i ndáiríre!  

Áirítear ar roinnt den chraic ó Chruinniú na nÓg atá ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe ceardlanna téatair, drámaí iontacha, scéalaíocht puipéid mar aon le spraoi todhchaíoch le turgnaimh fhíorúla/bunaithe ar réaltacht bhreisithe.

Beidh ceoldrámaíocht ar siúl do leanaí, turais ar dhánlanna, taispeántais scannáin, ceardlanna amhránaíochta/cóiréagrafaíochta teaghlaigh agus léamh scríbhneoireacht a coimisiúnaíodh go speisialta i gCathair Chorcaí. Nó bain taitneamh as siamsaíocht shráide iontach, ruaille buaille sorcais, Shakespeare do leanaí agus tuilleadh i gContae Thiobraid Árann.

Cruinniu na nOg graffiti

Tá ceardlanna scéalaíochta, taispeántais ghrianghrafadóireachta, ealaíne, fuála, Lego, réalteolaíochta agus ióga roimh óige fuinniúil Chontae Uíbh Fhailí.

An bhfuil spraoi á lorg agat san ardchathair? Tá seónna draíochta, cainteanna maidir le stair áitiúil, CoderDojo, seisiúin ealaíne agus scéalaíochta agus taibhithe ceoil beo le daoine óga a bhfuil buanna acu i measc na ngníomhaíochtaí beoga a bheidh ar siúl ar fud Chathair agus Chontae Bhaile Átha Cliath.

Le réimse éagsúil taibhithe, ceardlann códaithe, téatair, ealaíne agus ceoil, léamh, taispeántais, imeachtaí speisialta agus go leor eile ar fáil, níl ort ach féachaint ar Cruinniú na nÓg agus a bheith réidh chun smaointe a roinnt, scileanna nua a fhoghlaim agus spraoi a bheith agat.

Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl ar fud na tíre an 23 Meitheamh 2018.

Faigh amach faoin na himeachtaí spraíúla, saor in aisce atá ag tarlú in aice leat ag creative.ireland.ie/cruinniu