Naomi Berrill, Spike Cello Fest

Spike: Bogha á chur le Sreanga i mBaile Átha Cliath

09 Feabhra 2018
3 min read

Filleann féile mhalartach dhordveidhle Bhaile Átha Cliath den dara bliain le clár lán le tallann bhríomhar áitiúil agus idirnáisiúnta.

Beidh ionaid i gCathair Bhaile Átha Cliath ag dul thar maoil ach a gcuirfear clár imeachtaí sainiúla ar stáitse le haghaidh an dara féile mhalartach bhliantúil dhordveidhle, Spike, agus tallann ceoil baile agus dhomhanda den scoth le cloisteáil ann.

Beidh an fhéile ar siúl ón 9-11 Feabhra, agus i measc roinnt de bhuaicphointí na féile beidh taibhithe gach oíche ag an Workman’s Club, ceardlanna nuálacha ina gcuirfear fáilte roimh leanaí, seó do chách, beag beann ar a n-aois agus taibhithe atmaisféaracha i nGailearaí Hugh Lane.

I dtaibhiú tosaigh na féile feicfear ball 3epkano agus eagraí na féile Lioba Petrie agus an dordveidhleadóir malartach, an t-amhránaí agus an t-amhránaí-cumadóir amhrán avant-garde Laura Moody, ar stáitse ag an Workman’s Club. Cuirfidh Petrie tionscadal úrnua i láthair ar an oíche, ag léiriú ceol scannáin beo le haghaidh saothar duine de na déantóirí scannán is spleodraí in Éirinn. Agus cuirfidh amhráin chorraitheacha Moody an lucht éisteachta faoi dhraíocht lena dtionchar avant-garde comhaimseartha, ceoil chlasaicigh, popcheoil thurgnamhaigh agus amhránaithe-cumadóirí amhrán.

Cuirfidh an t-ealaíontóir clúiteach as SAM/an Albáin, an cumadóir/dordveidhleadóir Rubin Kodheli, ceoltóir mór iomráiteach, a bhfuil meascán seánraí lena ainm aige agus a chonacthas le déanaí ar stáitse Bhaile Átha Cliath i dteannta Laurie Anderson, dhá ensembles i láthair lucht éisteachta – Blues in Space agus Ceathairéad Dordveidhle Kodheli. Tá aithne mhór ar Rubin de bharr a chuid oibre le Roberta Flack, Henry Threadgill, Norah Jones, Vampire Weekend agus Dave Douglas, agus neart eile nach iad.

I measc roinnt de bhuaicphointí na féile beidh taibhithe gach oíche ag an Workman’s Club, ceardlanna nuálacha ina gcuirfear fáilte roimh leanaí, seó do chách, beag beann ar a n-aois agus taibhithe atmaisféaracha i nGailearaí Hugh Lane.

Beidh dordveidhleadóir Nashville Zan Berry agus an dordveidhleadóir/t-amhránaí Éireannach Naomi Berrill i mbun ceardlann tobchumadóireachta do leanaí agus seónna do chách, ranganna ‘Yocella’ d’ióga le tionlacan dordveidhle a chuirfidh daoine atá ag iarraidh “zen” ar a suaimhneas, agus cuirfidh Gailearaí Hugh Lane sraith imeachtaí saor in aisce ar siúl lena n-áirítear ‘Cellinstallation’ ar ochtar ceoltóirí seiftithe den scoth.

Beidh Cello Ireland i dtaibhiú deiridh na féile, Cello Voce, le dordveidhleadóirí-cumadóirí amhrán den scoth as Éirinn Mary Barnecutt (eagraí na féile), Aleka Potenga, Kevin Murphy agus Anna-Mieke Bishop mar aon leis an aoi speisialta Liam Ó Maonlaí. Cuirfidh an ócáid álainn seo clabhsúr deas leis an bhféile, ag déanamh comóradh ar an dordveidhil, an guth, an traidisiún Éireannach agus meascán stíleanna agus píosaí cumadóireachta, de réir mar a chuirfidh na ceoltóirí a thiocfaidh le chéile bunábhar ar stáitse i socruithe nua.

Ag cur an bhogha leis an tsreang ón 9-11 Feabhra, faigh tuilleadh amach faoi Spike: Féile Mhalartach Dhordveidhle Bhaile Átha Cliath ag www.spikecellofest.com