Paul Muldoon

Tá an bord leagtha do Chamchuairt Picnice Paul Muldoon

15 Meitheamh 2017
3 nóim á léamh

Fógraíonn an File Éireannach agus buaiteoir duais Pulitzer Paul Muldoon pléisiúr annamh do lucht litríochta agus ceoil.

Déardaoin, an 15 Meitheamh 2017, ag Amharclann aitheanta na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, fógróidh Éigse Éireann agus an file cáiliúil Éireannach Paul Muldoon sonraí imeachta atá ar na bacáin agus a bhfuil súil ag go leor leis, Camchuairt Muldoon’s Picnic [nasc]. Tá sraith de léiriúcháin spleodracha ar an seó móréilimh seo ó cheann ceann na tíre le tosú i mí Lúnasa 2017, pléisiúr annamh do lucht litríochta agus ceoil.

Ollamh, eagarthóir, léirmheastóir agus file a bhfuil Duais Pulitzer bainte amach aige is ea Muldoon. Is minic comparáid idir é agus Joyce, agus aithnítear Muldoon as a chruthaitheacht spraíúil, as imeartas focal a bhíonn cripteach go minic agus as aschur bisiúil cruthaitheach (12 mhór-imleabhar filíochta, mar aon le han-chuid foilseachán eile). Tá a chuid filíochta aistrithe go fiche teanga ar fud na cruinne agus chuir forlíonadh litearthaThe Times cur síos ar an údar mar an file Béarla is iomráití a rugadh ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.

As Port an Dúnáin i gContae Ard Mhacha do Muldoon ach tá cónaí air anois i Nua-Eabhrac áit a bhfuil a sheó mórcháil Muldoon’s Picnic lonnaithe sa Chlaidheamh Soluis IAC. Sa chur síos ó Muldoon féin thug sé ‘an omnium-gatherum’ d’fhocail agus ceol air, agus is léiriú é nach mbíonn an dá mar a chéile riamh i gceist.

Mheall Muldoon’s Picnic moladh criticiúil ó leithéidí Time Out, a bhronn gradam Rogha an Léirmheastóra air mar aon le cur síos air mar ‘music and literature extravanganza’.

Léiríonn an seó Muldoon agus an banna tí Rogue Oliphant, le Cait O’Riordan as na Pogues ar dordghiotár, mar a fháiltíonn siad fíor-éagsúlacht d’aíonna oirirce i rith tráthnóna d’fhocail agus ceol a mheall moladh criticiúil ó leithéidí Time Out, a bhronn gradam Rogha an Léirmheastóra air mar aon le cur síos air mar ‘music and literature extravanganza’.

Ní minic a fhágann an seó an Claidheamh Soluis IAC, ach ar an gcamchuairt seo rachaidh Muldoon’s Picnic go dtí an Uaimh, go Gaillimh, go Corcaigh, go Cora Droma Rúisc, go Béal Feirste agus go Baile Átha Cliath, agus i measc na n-aíonna a bheidh páirteach ann beidh an scríbhneoir a bhfuil gradam bainte amach aige Kevin Barry, an file Eavan Boland, an t-amhránaí agus cumadóir Paul Brady, an t-aisteoir Lisa Dwan, buaiteoir Dhuais Booker agus an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Anne Enright, an sárfhidléir Martin Hayes, an cumadóir ceannródaíoch Duke Special agus go leor leor eile.

Léiríonn Éigse Éireann an ócáid seo nár cheart a chailleadh agus tugann an Chomhairle Ealaíon agus Deontas Camchuairteanna Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Cultúr Éireann tacaíocht dó.