Katie Laffan

Tá Hard Working Class Heroes 15 bliana d’aois

27 Meán Fómhair 2017
3 nóim á léamh

Beidh ceann de na himeachtaí is tábhachtaí i bhféilire ceoil na hÉireann ar siúl i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo nuair a reáchtálfar an 15ú féile bhliantúil dar teideal Hard Working Class Heroes a dhéanfaidh ceol neamhspleách na hÉireann a cheiliúradh.

Cuireadh tús leis an imeacht bliantúil seo do lucht leanta an cheoil bheo in 2003 mar thaispeántas, in aon láthair amháin, de 40 banna ceoil as Baile Átha Cliath agus as an gceantar máguaird. Aidhm shimplí a bhí leis: an chuid is fearr den tallann cheoil a bhí ag teacht chun cinn a léiriú trí sheinm bheo i dtimpeallacht phobail.

De réir mar a tháinig tóir níos mó air, tháinig fás ar Hard Working Class Heroes agus is ócáid ollmhór sa tionscal anois é. Tá comhdháil lae i gceist leis freisin, a mheallann lear mór cainteoirí agus lucht freastail ón tír seo agus ó thar lear.

Gníomhairí idirnáisiúnta, lucht déanta áirithintí d’fhéilte, lipéid cheoil, foilsitheoirí, bainisteoirí, léiritheoirí imeachtaí, iriseoirí, eagarthóirí, DJanna raidió agus daoine a stiúrann cé air a mbíonn tóir an phobail, bíonn siad ag triall ar an bhféile, agus iad ag lorg ceoltóirí nua spéisiúla as Éirinn.

Hard Working Class Heroes

Tá fás ollmhór tagtha ar an líon bannaí a bhíonn ag iarraidh deis a fháil casadh ag an bhféile dá bharr sin; bhí os cionn 60 taibhiú in aghaidh an lae ag an bhféile anuraidh, in ionaid éagsúla ar fud na cathrach, thar thrí oíche ghnóthacha. Chas go leor de na ceoltóirí is fearr aithne in Éirinn ag Hard Working Class Heroes, ina measc Hozier, Jape, The Coronas, Le Galaxie, The Strypes, Saint Sister agus Rusangano Family, a bhuaigh an gradam Choice Music Prize le déanaí.

Is féile náisiúnta í seo, a dhíríonn ar an tallann chruthaitheach is fearr ar fud na tíre. Anois an tráth is fearr le scoth na gceoltóirí a chur ar stáitse. Beidh cruth nua ar an bhféile i mbliana, mar sin, le díreach 50 de na ceoltóirí a roghnaíodh go cúramach i gcomórtais a reáchtáladh cheana, ag casadh thar dhá oíche na féile. Murar féidir leat freastal ar an bhféile féin, craolfar trí imeacht mar shruthú beo, Dé hAoine agus Dé Sathairn, ar leathanach Facebook Creative Ireland.

Sruthú Beo ar leathanach Facebook Creative Ireland

  • The Dream Team, Dé hAoine an 29 Meán Fómhair, 3pm - 3.50pm
  • Príomhagallamh le bunaitheoir Rough Trade, Geoff Travis, Dé hAoine an 29 Meán Fómhair, 5pm go 6pm
  • Festival with a Difference (féile de chineál eile), Dé Sathairn an 30 Meán Fómhair, 3pm - 3.50pm

Beidh ceoltóirí aonair den scoth ann, mar shampla an léiritheoir/DJ a bhfuil a stíl uathúil féin aige, Bantum agus an bhanríon “ArtSoul”, Loah, an sárghrúpa popcheoil/ceoil rince, SOULÉ, Daithí, a ainmníodh faoi dhó do ghradam RTÉ, Choice Music Prize, agus an t-amhránaí is scríbhneoir fíor-chumasach nach bhfuil ach 16 bliana d’aois, Curtis Walsh.

Beidh ceol tíre comhaimseartha le cloisteáil ó The Ocelots agus ceol leictreonach mealltach le bannaí nua, mar shampla Sleep Thieves agus Wastefellow.

Beidh tuiscint úrnua ar an seánra popcheoil le cloisteáil, a bhuíochas do bhannaí mar Æ MAK, Floor Staff, Elm agus Outsider, agus beidh neart rac-cheoil ann ó leithéidí Bitch Falcon, Swimmers Jackson agus Fontaines. Níl ansin ach fíorbheagán den rogha iontach ceoltóirí a bheidh páirteach i bhféile 2017, ar rogha dhochreidte atá ann i ndáiríre.