Skip to main content
Taoiseach Leo Varadkar


Nuacht

An Taoiseach Varadkar ar an tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht i saol na hÉireann

Labhair Taoiseach nua na hÉireann Leo Varadkar ar thábhacht agus luach na cruthaitheachta i saol gach duine agus tá a thacaíocht tugtha aige don Chlár Éire Ildánach.

“I mo thuairimse, is éard atá difriúil faoi fhir agus mná na hÉireann ná an bealach ina smaoinímid. Is éard a dhéanann Éire Ildánach ná ealaín, cultúr agus cruthaitheacht a chur i gcroílár gach a ndéanaimid sa tír agus i lár an rialtais.”

D’fhógair an Taoiseach chomh maith le déanaí in éineacht leis an Aire Humphreys, go dtabharfaí isteach scéim phíolótach chun rochtain níos éasca a sholáthar d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí gairmiúla ar thacaíochtaí leasa shóisialaigh, tiomantas lárnach faoin gClár Éire Ildánach.

“Tacaím go láidir leis an gClár Éire Ildánach, a bhfuil de chumas aige a bheith bhunathraitheach ó thaobh beartais phoiblí. Tá sé mar aidhm ag Éire Ildánach rochtain ar imeachtaí ealaíne agus cultúrtha agus rannpháirtíocht iontu a mhéadú.”

“Trí dhíriú ar inniúlachtaí cruthaitheacha gach aon duine, gabhann Éire Ildánach thar an argóint faoi cibé ar chóir tacú leis na healaíona mar gheall ar a luach intreach nó a luach spriocdhírithe don gheilleagar nó nár chóir. Is rogha bhréagach atá ann agus a bhí ann i gcónaí. Fásann leanaí cruthaitheacha aníos mar dhaoine cruthaitheacha, agus bíonn daoine cruthaitheacha, idir óg agus aosta, sona agus sásta ina saol. Bíonn cumas níos mó ag daoine cruthaitheacha cur lena bpobal agus lena sochaí mar aon leis an ngeilleagar agus folláine gach duine.”

Taoiseach Leo Varadkar on the importance of creativity in Irish lives

Open Video

Stay up to date

×