National Book Lovers Day

Title: Lá Náisiúnta na Leabharbhách: An Lúcháir a bhaineann le Léitheoireacht

13 Lúnasa 2019
Léamh 3 nóiméad

Is breá linn a bheith ag léamh. Idir prós lúbach a bhíonn sna scéinséirí rúndiamhra agus na tailte neamh-mhapáilte bainteach le úrscéalta fantaisíochta, cuireann domhan na léitheoireachta faoi gheasa muid, mar náisiún, anseo in Éirinn.

Is bua ar leith é bainteach le léitheoireacht leabhair, gur féidir léi thú a athlonnú i gcruinne fhicseanúil álainn agus is mar gheall ar seo go mbaintear an méid sin sult as mar chaitheamh aimsire. Le Lá Náisiúnta na Leabharbhách a cheiliúradh, d’fhiafraigh muid de chuid d’ár léitheoirí is fearr conas ar thiontaigh siad a bheith ina leabharbháigh, cén leabhair is fearr dóibh agus cén áiteanna is fearr dóibh len iad a léamh.

Lynn Ruane

Is Seanadóir neamhspleách í Lynn Ruane in Seanad Éireann, bhuaigh sí Duais Leabhar Éireannach in 2018 dá céad leabhar, People Like Me.

 Is é an leabhar is fearr liom ná In Search of Respect: Selling Crack in El Barrio by Philippe Bourgois. Léigh mé seo agus mé sna luathfichidí. Bhíodh tuairimí agam i gcónaí i leith an bhochtanais agus drugaí ach thug an leabhar seo tuiscint ar na téamaí sin. Is sin a thug inspioráid dom scríbhneoireacht a dhéanamh ar théamaí na handúile agus coireachta i mbealach nach raibh áibhéalach ach a bhí anailís ag baint leis. Tugann Philippe anailís struchtúrtha ar mhangairí drugaí ar na sráideanna agus léargas ar na cúiseanna agus éifeachtaí a bhaineann le bochtanas agus neamhionannas. Déanann sé seo trí scéalta na ndaoine lárnaigh sa scéal a insint tar a éis dó a bheith ina chónaí leo le blianta. Dá mbeadh an chaoi céanna taighde in úsáid ag tuilleadh scríbhneoirí, bheadh tuiscint níos fearr ag Éireann ar an sochaí agus ar na polasaithe a bhaineann le díothacht.

 Is é an chéad leabhar a d’imir tionchar orm, a fhad is a chuimhin liom, ná The Lion, the Witch and the Wardrobe le C.S Lewis. Is cuimhin liom múinteoir scoile á cúpla leathanach a léamh thar tréimhse cúpla seachtain, agus gur léigh mé mo chóip sa bhaile le bheith chun tosaigh uirthi. Bhí dúil mór agam sna carachtair agus thug sé saoirse dom mo shamhlaíocht féin a scaoileadh saor. Is cuimhin liom agus mé ag iarraidh na domhain a aimsiú. Bhí grá agam d’aon rud bainteach le hainmhithe agus mar sin thaitin aon domhan go raibh bua cainte ag na hainmhithe go mór liom. D’fhanfainn i mo dhúiseacht istoíche ag iarraidh a gcuid guthanna a shamhlú. B’shin é mo chéad uair ag plé leis an gcineál fantaise seo, d’aithin mé go raibh mé ag léamh.

 Léim agus mé ag dul ó áit go háit, agus murab sin, ar an trá. Is breá liom ag léamh ar eitleáin nó traenacha. Samhlaím uaireanta orm féin ag caitheamh cúpla seachtain ar thraenacha ag dul timpeall na hEorpa agus leabhair á léamh agam. Is breá liom a bheith in ann an leabhar a chur síos agus cupán caife nó gloine fíona a bheith agam. Ní bhím ag obair, léamh nó ag scríobh sa chiúnas, dá bhrí sin, is í an traein an áit is fearr toisc go mbíonn an leibhéil torainn i gceart agus bíonn sé deas an athrú radhairc a aithint chomh maith.

Rick O'Shea

Is craoltóir é Rick O’Shea agus ceann de na criticí leabhar is mó cáil orthu in Éirinn. Tá sé mar chuid den acadamh vótála do na BGE Irish Book Awards agus eagraíonn sé an club leabhar is mó in Éirinn.

 Bíonn an cheist faoin leabhar is fearr éasca go leor do dhaoine áirithe a fhreagairt ach tá sé dodhéanta dom - níl aon leabhar ann gur féidir liom a ardú thar gach ceann eile agus a rá, “seo é an ceann is fearr liom”. Is ionann an cheist sin agus a bheith ag fiafraí díom páiste do mo chuid a roghnú! É sin ráite, ní fhágfaidh mé spás mór glan anseo, agus déanfaidh mé tagairt do 1984 le George Orwell. Léigh mé é agus mé fós ar scoil théis dom Animal Farm a léamh. Ní amháin gur píosa álainn fhicsean eolaíochta atá ann ach bhí an chiall chéanna le baint as díthógáil na dinimice chumhachta bainteach le polaitíocht in 1949 is atá ann anois sa 21ú haois. Tá ficsean eolaíochta léite agam ar feadh mo shaoil anois, idir Orwell, Arthur C. Clarke nó Douglas Adams, níos a fhios agam cén ceann a spreag sin ionam.

 An chéad leabhar go bhfuil cuimhní beoga agam air nuair a thosaigh mé ag leamh ná an sraith Famous Five le Enid Blyton. Nuair a bhí mé i mo pháiste, bhí grá agam don sraith teilifíse, nuair a tháinig mé ar an sraith leabhair, léigh mé iad uile go paiseanta (fiú na cinn nach raibh chomh maith céanna scríofa ag údair eile nach Blyton iad). Is dóigh liom go raibh tionchar chomh maith acu orm toisc gur páiste ón lucht oibre mé a d’fhás aníos i dteach bardais i gCromghlinn sna 1980idí. Bhí muid an-fhada ó smaoineamh ar oileáin phríobháideacha, beoir sinséir, picnicí agus scoileanna cónaithe. Domsa, bhí siad cosúil le Harry Potter. Is dóigh liom go míníonn sin cén fáth go raibh an oiread sin grá agam don sraith Harry Potter níos déanaí sa saol...

 Is éasca cur síos a dhéanamh ar an áit ab fhearr liom léamh a dhéanamh. Léim i siopaí caife agus mé saor le linn na seachtaine agus is breá liom na laethanta saoire úd agus tú i do shuí áit éigin te ar feadh seachtaine ag léamh (sa scáth ar ndóigh!). É sin ráite, bhog muid teach le déanaí agus mar gheall ar sin, bhí orainn troscán nua a cheannach. Anois is iad na laethanta ab fhearr is ab fhada léitheoireachta ná na cinn agus mé i mo shuí sa chathaoir Ikea nua i stíl na 60idí atá suite inár seomra suí/cistin. De ghnáth bíonn snagcheol ar siúl go híseal sa chúlra, gan liricí, toisc go gcuirfeadh siad isteach ar an léamh. Léim gach oíche roimh dul i mo luí ar feadh leathuaire chomh maith.

Sarah Fitzgerald

Is Ambasadóir í Sarah Fitzgerald de chuid Cruinniú na nÓg le Creative Ireland. (Breathnaigh ar an bhfíseán cur in aithne is aice anseo). Is ise bunaitheoir Sarah’s Book Club, coincheap ina dhéantar athchúrsáil ar leabhair ag baint úsáide as an néal, chuir sí an coincheap seo os chomhair an Taoisigh Leo Varadkar anuraidh.

 Taobh amuigh den sraith iontach Harry Potter, is é ceann de na leabhar ab fhearr liom ná an sraith The Mother Daughter Book Club le Heather Vogel Frederick. Cé gur dhá sraith an-éagsúla iad, is breá liom ceachtar acu! Leanann The Mother Daughter Book Club saolta 5 chailín atá a aitheantais, suimeanna agus uaillmhianta éagsúla acu ach atá uile nasctha lena chéile trí chlub leabhar iníon-máthair. Seans go bhfúmaíonn sé leadránach mar léamh agus ina chlísé agus creid ionam, is i bhfad ó seo atá sé! Is breá liom cé chomh ininste is atá na carachtair, táim in ann tréithe a aithint iontu ar fad atá i mo chairde nó ionam féin. Scríobhtar na leabhair sa chéadphearsan agus malartaíonn na caibidil idir na príomhcarachtair ar fad, rud a thaitníonn go mór liom toisc gur féidir leat meonta agus spreagthaí gach duine dóibh a aithint. Léigh mé iad ar dtús agus 12 bliana agam agus iad mar bhronntanas Nollag dom. Thug siad faoiseamh dom chomh maith agus mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh, é sin ráite dhéanfainn dearmad ar cén scrúdú a bhí agam gach lá toisc mé chomh sáite iontu ag an am! Is leabhair áthasacha, éadromchroíocha atá iontu, fáth eile atá grá agam dóibh! Ní hiad an gnáth leabhar a léim .i. ficsean stairiúil/mistéire, ach ceann de na cinn ab fhearr liom! Thug siad spreagadh dom sásamh a bhaint as gach cineál leabhair, ní amháin iad atá spiairí nó saighdiúirí iontu!

 Ba léitheoir mé i gcónaí, mar sin tá sé deacair cuimhneamh ar gach uile leabhar a léigh mé agus mé óg. Cúpla ceann a sheasann amach ná Big Bear, Little Bear; na leabhair Daisy, The Gruffalo agus Fairytale News. Cuireann mo Mham i gcuimhne dom go mbeirinn ar Big Bear, Little Bear ón seilf agus bheadh uirthi suí liom agus mé a léamh clúdach go clúdach roinnt mhaith uaireanta. Thug mé ar ár laethanta saoire liom é chun na Spáinne agus mé 4 bhliana d’aois. Ba mhothúchán iontach é a bheith in ann suí síos le mo thuismitheoirí agus bualadh leis an carachtair uile ón leabhar, mhothaigh mé i gcónaí go raibh mé ag dul isteach ar dhomhan nua. D’fhan an nós sin liom toisc go raibh an bhéim curtha ar am speisialta clainne i mo theach agus thug sé spreagadh dom tuilleadh a léamh!

 Is í an áit ab fhearr liom léitheoireacht a dhéanamh ná ag an trá. Níl aon rud níos fearr na leabhair ag an trá! Is breá liom a bheith cois trá, ar chloch nó ar chathaoir nó díreach ar an ngaineamh é féin agus mé ag léamh leabhair. Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil cónaí orm an-chóngarach go trá agus mar sin gur féidir liom radhairc áille a shú isteach in éineacht leis an ngaoth úr ag teacht ón bhfarraige. Is suíomh iontach é le léamh toisc nach bhfuil sé ach amháin suaimhneach an gaoth ag séideadh thart ar do chuig gruaige a mhothú agus an gaineamh idir do bharraicíní, ach cuireann fuaimeanna na dtonnta leis an síocháin. Is é an trá m’áit sonais! Ní dóigh liom go bhfuil an suíomh an-tábhachtach agus muid ag léamh, toisc gur féidir liom sásamh a bhaint ó leabhar in aon áit, ach cabhraíonn sé ciúnas agus síocháin a bheith agat le díriú isteach ar an leabhar (ar nós ag déanamh staidéir!) ach ansin, braitheann sé ar an duine. Tá daoine ann a mbíonn deacrachtaí acu léamh sa bhaile agus é gnóthach agus mar gheall ar sin nach léann mórán, ach tá daoine eile ann (cosúil liom!) atá in ann zónáil amach nó cluaisíní a chur isteach agus a bheith ag léamh. Is féidir leis an suíomh éifeachtaí a bheith aige ar an ngrá atá ag do do leabhar, mar shampla bíonn sé i bhfad níos réalaí, leabhar faoin gcathair a léamh sa chathair, ach seans nach mbainfeadh sin le gach leabhair. Is cuma cén áit ina bhfuil tú, bíonn sé i gcónaí go maith póca lán le samhlaíocht a bheith agat!! (leabhar atá i gceist agam!)

 Le tuilleadh eolais a fháil ar conas a bheith i do bhall de do leabharlann áitiúil, tabhair cuairt ar Leabharlanna Éireann.