Skip to main content
Seamus Uí Chiobháin. Photo: Lisa Fingleton

Creative
Nation

Corca Dhuibhne Inbhuanaithe: Lisa Fingleton ar an bhfeirm

Scroll
3 min read

Corca Dhuibhne Inbhuanaithe: Lisa Fingleton ar an bhfeirm

3 min read

15/03/22

Corca Dhuibhne Inbhuanaithe: Lisa Fingleton ar an bhfeirm

Tugann Lisa Fingleton, an t-ealaíontóir a ceapadh do thionscadal Chorca Dhuibhne Inbhuanaithe – A Creative Imagining léargas ar roinnt den obair atá ar siúl aici leis na teaghlaigh feirmeoireachta ar leithinis an Daingin.

Tá muintir Uí Chíobháin – Séamus, Eibhlín agus Lís – ar cheann de na teaghlaigh atá ag glacadh páirte in Corca Dhuibhne Inbhuanaithe, A Creative Imagining. Maoinithe ag an gciste Gníomhaíocht Aeráide Cruthaitheach, tá seo ar cheann de chúig thionscadal déag atá ar siúl ar fud na tíre.

Seamus agus Lís Uí Chiobháin. Photo: Lisa Fingleton

Tá a bhfeirm chaorach lonnaithe i nDún Chaoin, le radharcanna iontacha amach i dtreo na mBlascaoidí ar thaobh amháin, agus amach go Cnoc Bhréanainn sa treo eile. Tá an fheirm an-sceirdiúil, í oscailte le gaothanna láidre agus aer goirt isteach ón Atlantach. Cuireann Eibhlín síos ar an tslí gur iompaigh an féar ó ghlas go dubh tar éis na stoirmeacha a bhí ann le déanaí. Bíonn an fharraige ag tuairteáil go tréan i gcoinne na bhfailltreacha laistíos dá bpáirceanna.

Above: Feeding Time... Photo by Lisa Fingleton

Tá dhá chuairt tugtha agam ar an bhfeirm le roinnt seachtainí anuas, agus chuaigh a bhfáilte chroíúil, agus a gcuid foighne liom mar dhuine a d’fhoghlaim an Ghaeilge seachas í a bheith agam ó dhúchas, i gcion go mór orm. Mar dhuine go bhfuil grá agam don nGaeilge, ach nach mbíonn mórán deiseanna agam í a chleachtadh, is mór an pléisiúr dom a bheith in ann comhrá Gaeilge a bheith agam le muintir Uí Chíobháin.

Domsa, tá an talamh, an teanga agus an t-athrú aeráide ar fad ceangailte lena chéile. Eachtraíonn ainmneacha Gaeilge na bpáirceanna scéalta faoin aimsir chaite a d’fhéadfadh sinn a threoiriú i dtreo na todhchaí. Sa chomhrá domhanda faoin athrú aeráide táthar ag leagan an-bhéim ar an méid gurbh fhéidir linn a fhoghlaim ó dhaoine bundúchasacha. Tá Séamus ag feirmeoireacht anseo ó bhí sé ina gharsún, agus is mór an phribhléid an talamh a shiúil ina theannta.

Thugas an-cheann de cé chomh cineálta agus caoin is a bhíonn sé lena ainmhithe. Roinnt seachtainí ó shin, nuair a bhíos ar chuairt aige, bhí cos thinn ag ceann dá uain agus bhí sé fíorshásta an tseachtain seo go bhfuil feabhas ag teacht ar an uan. Is dóigh liom go bhfuil pearsantacht ar leith ag an uan seo, agus ní raibh aon dul as agam ach portráid bheag a dhéanamh dó.

Portrait of a lamb. Photo: Lisa Fingleton

Is múinteoir í Lís i rith an lae, ach caitheann sí sciar mór den gcuid eile dá ham ina feirmeoir. Bhí sí siúd agus Séamus ag tabhairt sadhlais do na caoirigh agus mé ag fágaint chun an bus nasc áitiúla a fháil thar n-ais go dtí an Daingean.

 

Léigh níos mó faoi thionscadail Ghníomhú Chruthaitheach ar son na hAeráide.

Stay up to date

×