Skip to main content

creative
Communities

Ballaí na nDéise

Dates
30th Oct 2020
to 13th Nov 2020

Age Range
All ages

Is é aidhm an tionscadail seo ná sainaithint a dhéanamh ar
suíomhanna, scéalta, tallann agus scileanna ár bpobal, a bheidh
riachtanach chun sraith múrphictiúr a fhorbairt ar fud Gaeltacht na
nDéise. 


Is í an fhís ná nuálaíocht, cruthaitheacht agus comhoibriú a bheith i
gcroílár chomhfhorbairt áite laistigh de shuíomh cultúrtha uathúil agus comhthéacs teangan Ghealtacht na nDéise. 


Is í an uaillmhian ná ealaíontóirí, scéalaithe agus éascaitheoirí pobail ó laistigh den Ghaeltacht agus ón taobh amuigh de a thabhairt le chéile chun scileanna agus na cleachtais a fhorbairt
- chun tacú lenár bpobal a mbeochan a roinnt agus a fhorbairt,
- chun plé a dhéanamh ar conas ceangail go samhlaíocht le
struchtúir thógtha sa cheantar,
- chun tacú le hathlonnú amharcealaíon agus léiriú pobail de réir
riachtanais sláinte poiblí, agus
- rannpháirtíocht agus comhoibriú an phobail san ealaín phoiblí a
dhaingniú. 


Is é an plean ná sraith ceardlann speisialta a thairiscint, arna
seachadadh ag The Walls Project, a thabharfaidh bunús sna scileanna agus na cleachtais atá riachtanach chun tionscadal suntasach ealaíne poiblí a sheachadadh amach anseo.


Is í an toradh ná Meitheal Múrphictiúr - pobal fuinniúil ealaíontóirí,
scéalaithe agus éascaitheoirí pobail a sháróidh an tionscadal seo, agus a bheidh oilte agus cumasaithe chun oibriú le pobal na Gaeltachta chun a scéalta a insint trí mheán na múrphictiúr.

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×