Skip to main content

creative
Communities

Dates
1st Jun 2020
to 30th Sep 2020

Age Range
All ages

Venue
Amharclann Ghaoth Dobhair

Address
Na Doirí Beaga
Leitir Ceanainn

Dráma - 'Bainis na Fola' - Aisteoirí Ghaoth Dobhair

Shocraigh Amharclann Ghaoth Dobhair i gcomhair le hAisteoirí Ghaoth Dobhair tabhairt faoi aistriúchán a dhéanamh ar dhrámai an fhile agus an dramadóir Spáinneach Federico Garcia Lorca (1898-1936) i 2019. Rinne an t-údar Seán Mac Cumhaill na drámaí deireanacha de chuid Lorca a aistriú agus a fhoilsiú dúinn. Rinne muid an leabhar a sheoladh san Amharclann ar an 28 Nollaig 2019. Tá sé ar intinn againn anois an chéad ceann de na drámaí seo, Bainis na Fola, a léiriú agus a chur ar an ardán san Amharclann níos moille i 2020. Tá an drámaíocht fíor thábhachtach agus muid ag cur cultúr, oidhreacht agus ealaíon chun cinn. Beidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa dráma seo agus beidh samplai go leor de chultúr na Spáinne atá iontach cosúil le cultúr na hÉireann le feiceáil ar an ardán. Léiríonn an dráma seo ‘Bainis na Fola” nósanna duchasacha a bhíodh coitianta anseo in Éirinn ag an am céanna a raibh Lorca ag scríobh. Tugann an drama seo aghaidh ar na rudai seo ar fad ar dhóigh atá samhlaioch, nualach agus cruthaitheach ag tabhairt seans do na haisteoirí a gcruth féin a chur ar an scéal truacánta, tragóideach seo. Tá na téamai atá a phlé ag Lorca sa dráma seo mar a gcenna le na téamaí a bhíodh coitianta I measc scríbhneoirí próis agus filíochta na hÉireann. Beidh idir dhéagóirí agus daoine fásta páirteach sa tionscadal seo.

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×