Skip to main content

creative
Communities

17th Mar 2023

Age Range
All ages

Venue
Main Street, Naas

Féile Sráide 2023 (Nás na Ríogh)

Seo an dara bliain den Fhéile Sráide ar Lá Fhéile Pádraig i Nás na Ríogh. Anuraidh bhí lá iontach  ag slua mór daoine agus bhain gach duine taitneamh agus tairbhe as na hócáide. Tá níos mó grúpaí agus daoine difriúla mar chuid den fhéíle i mbliana.

Aidhm an choiste ná go bhfuil rud éigin do gach aoisghrúpa agus do gach léibhéal Gaeilge ar fáil saor in aisce i Nás na Ríogh ar Lá Fhéile Pádraig. Creidimid go láidir go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den lá naomhphártún na hÉireann. Beidh deis ann do chuile dhuine páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as. An sprioc atá againn ná go mbeidh #FéileSráide2023 mar an fhéile Ghaeilge is mó taobh amuigh den Ghaeltacht ar Lá Fhéile Pádraig.

Beimid ag teacht le chéile i lár bhaile Nás na Ríogh do Fhéile Sráide 2023 ar Lá Fhéile Pádraig. Ó 14:00, beidh grúpaí áitiúla ag seinm, ag damhsa agus ag canadh i gceithre shuíomh timpeall an bhaile. Beidh fuirseoireacht ar na boinn, filíocht agus drámaíocht ann freisin. I measc na himeachtaí ar an lá, beidh seó clainne iontach ag Stephen McGinley agus críochnóimid le céilí ag Cearnóg na Poibleoige ag 16:00. Beidh seastáin ann i mbliana ag roinnt de na mionchomhlachtaí ag scoláirí idirbhliana Gael-Choláíste Chill Dara agus beidh earraí Gaelacha agus seirbhís i nGaeilge ann ar an lá.

Beidh TG4 linn ar an lá agus, mar sin, beidh #FéileSráide2023 ar an nuacht náisiúnta ar an lá.

Tuilleadh eolais ar fáil ar: www.sultnasollan.ie

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×