Skip to main content

creative
Communities

Dates
5th Jul 2021
to 24th Sep 2021

Age Range
All ages

Venue
Comhcheol

Address
An Tearmann
An Machaire
Co. Thír Chonaill
F94VW63

Macalla Cholmcille

Ní minic a luaitear é, ach is fíor an scéal é, go raibh Naomh Colmchille ina ealíontóir, idir peannaireacht, filíocht agus amhranaíocht. D’eascair cultúr ealaíonta fíor spesialta faoi bhláth sa thraidisiún a d’fhág sé ina dhiadh. Is suntasach iad na nuálaíochtaí cruthaitheachta a tháining amach as oileán Í, agus tá rian den tionchar seo fós le feiceáil fite fuaite fríd an saol cultúrtha in Éireann, agus i bhfad níos faide i gcéin. Tá nádúr ar leith ag baint le phearsantacht Cholmcille, agus toisc go raibh scéal a bheatha scríofa i leabhair, agus gur mhair sé fosta sa bhéaloideas, tá an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal. Idir an bheirt acu, oibríonn Colmcille mar droichead idir traidisiún ársa de chuid na gCeilteach, agus an luathré Chríostaí a bhí ag teacht chun cinn i rith a shaoil. Tá grá domhain don dúlra, agus mothú láidir samhlaíochta, cruthaitheachta agus spioradáltachta, sna dtraidisiún cultúrtha a fhágann sé dúinn. Níl aon amhras ann mar sin, ach go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Naomh Chonallach i stair na hÉireann.

Spreagann spiorad Colmcille ealíontóirí go fóill. Agus muid ag ceiliúradh míle cúig chéad bliain ó rugadh é, tugann an gearrscannán seo léargas beag duit ar an stair, an bhéaloideas, agus go háirithe an macalla ealaíonta a mhúscail an fear cumasach seo. An dtig linn ‘Naomhphátrún na Samhlaíochta’ a bhaistiú air?

This short Irish language film looks at the creative and imaginative legacy of Colmcille.

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×