Skip to main content

creative
Communities

Dates
1st Mar 2022
to 17th Mar 2022

Age Range
All ages

Seachtain na Gaeilge, 2022

An sprioc atá ag an gcoiste ná go bhfuil imeacht ar fáil do gach aoisghrúpa agus do gach léibhéal Gaeilge ionas go mbeidh deis ann do chuile dhuine páirt a ghlacadh.

Tá ceardlann ‘Spraoi is ceol le chéile’ ar Zoom do pháistí óige le Julie Anne de Brún ar 12 Márta. Tá Dúshlán an Dúlra ann do gach aoisghrúpa. Tá comórtais ealaíne, scríbhneoireachta agus gearrscannáin ann d’aoisghrúpa difriúla agus dusieanna iontacha le buachaint!

Má tá suim agat tuilleadh Gaeilge a úsáid le páistí, tá ceardlann ar siúl ag Niamh Uí Chadhla ar an 7 Márta; má tá tú ag iarraidh am duit féin, cláraigh do ‘Machnamh ar mhaithe le do shláinte’ le Helen ar 2 Márta. Más maith leat biongó a imirt, bígí linn ar an 15 Márta.

Beidh Meitheal Chill Dara ar siúl ar 5 Márta. Tugann sé sin deis do phobal na Gaeilge i gCo. Chill Dara teacht le chéile agus taithí agus físeanna don Ghaeilge a roinnt.

Beimid ag teacht le chéile i lár bhaile Nás na Ríogh do Fhéile sráide ar Lá Fhéile Pádraig. Ó 14:00, beidh grúpaí áitiúla ag seinm, ag damhsa, ag canadh agus ag aisteoireacht i gceithre shuíomh timpeall an bhaile. I measc na himeachtaí ar an lá, beidh seó clainne iontach ag Stephen McGinley agus críochnóimid le céilí (gan teagmháil) ag Cearnóg na Poibleoige ag 16:00.

Ní sin ach blaisín de na himeachtaí atá ar siúl againn. Tá neart eile ann.

Tuilleadh eolais ar fáil ar: www.sultnasollan.ie

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×