Skip to main content

creative
Communities

Dates
1st Sep 2023
to 31st Oct 2023

Age Range
All ages

Venue
Donegal County Council

Address
Public Service Centre
Neil T Blaney Road
F92 XT4C

Súil Thart

Is togra é Súil Thart a thosaigh Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall  i mí Dheireadh Fómhair 2020 inár spreagtar daoine san iarthuaisceart chun ailt a scríobh as Gaeilge agus atá foilsithe uair sa mhí mar iris Ghaeilge sa Donegal News agus i nuachtáin eile ó thuaidh. 

Aithnítear luach na n-alt seo mar ábhar léitheoireachta agus mar ais oideachasúil dóibh siúd ar mhaith leo a rogha ailt a léamh as flúirseach na n-ábhar i bhfoirm leabhráin. 

Tá gluais ag deireadh gach alt ina dtugtar aistriúchán ar fhocail nó ar théarmaí a d’fhéadfadh deacrachtaí a chothú don léitheoir. 

 Is maith is eol do chách, na buntáistí a bhaineann le léamh agus scríobh don intinn, do mheabhairshláinte gan trácht ar fheabhas agus fhorbairt na Gaeilge i saol an duine féin.

Is ailt ghairide iad seo faoi réimse leathan ábhar a bhfuil suim ag na húdair iontu, bíodh sin cúrsaí reatha, caithimh aimsire, scannáin, cúrsaí staire, nósanna ón seanam, pisreoga, logainmneacha, seanfhocail,  léirmheasanna, tuairimí, leigheasanna agus neart, neart eile.

Tá na hailt scríofa ag daoine ó gach aoisghrúpa, gach inscne, agus gach leibhéal cumais. 

Spreagann an éagsúlacht agus an ilchineálacht seo tuilleadh daoine chun thabhairt faoin scríbhneoireacht agus an faoin léitheoireacht agus déantar eagarthóireacht ar na hailt i Rannóg na Gaeilge.

Beidh na leabhráin ar fáil sna leabharlanna ar fud an chontae agus beidh siad ar fáil ó Rannóg na Gaeilge chomh maith.

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×