Skip to main content


News

5 min read

Leathanach go Léiriú

5 min read

11/01/22

Leathanach go Léiriú

Ag glaoch ar amharclannóirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí a bhfuil suim acu obair trí Ghaeilge!

Coimisiún do lucht féachana óg le Comhairle Contae Chorcaí & Graffiti Theatre Company, le tacaíocht ó Éire Ildánach.

An scríbhneoir, ealaíontóir nó amharclannóir tú a bhfuil spéis ar leith agat a bheith ag cruthú do lucht féachana óg?

Ar mhaith leat go bhfeicfí do chuid scríbhneoireachta i leabharlanna agus in ionaid eile do pháistí chontae Chorcaí?

An bhfuil smaoineamh agat i bhforbairt a bhainfeadh leas as am, tacaíocht agus meantóireacht?

Fógraíonn Comhairle Contae Chorcaí agus Graffiti Theatre Company, le tacaíocht ó Éire Ildánach glao amach ar dhrámadóirí, ealaíontóirí agus amharclannóirí a oibríonn as Gaeilge, le bheith coimisiúnaithe agus meantóireacht a fháil chun píosa taibhithe gairid a scríobh agus a léiriú do pháistí. Déanfar an píosa a chur ar láthair ansin i roinnt leabharlainne contae agus áiteanna eile ar fud chontae Chorcaí in 2022.

Gheobhaidh an t-ealaíontóir roghnaithe meantóireacht agus tacaíocht ó Graffiti lena n-áirítear saineolas ar scríbhneoireacht agus léiriú i nGaeilge do pháistí ó Stiúrthóir Comhlach Graffiti, Síle Ní Bhroin.

Above:

Tá an Coimisiún roinnte ina trí chéim:

Céim a hAon: Scríbhneoireacht agus Forbairt

Sa chéim seo forbróidh an t-ealaíontóir roghnaithe a smaoineamh do phíosa taibhithe gairid go dtí an pointe cleachtaidh, le meantóireacht ó Graffiti Theatre Company.

Is é an méid a bhronntar ar an ealaíontóir don chéim seo ná : €5,000 (gach costas san áireamh)

Féadfaidh an t-ealaíontóir roghnaithe comhoibrithe eile a fhostú sa chéim seo (M.sh ceoltóir, dearthóir srl) ón íocaíocht seo. Ba cheart na comhoibrithe ionchasacha seo a ainmniú sa togra más féidir

Céim a Dó: Cleachtadh agus Léiriú

Sa chéim seo, déanfar an píosa forbartha a chleachtadh. Meastar gurb é €4000-€5000 an buiséad don chéim seo agus tá sé ag brath ar thoradh an chomhaontaithe seirbhíse bliantúil le hÉire Ildánach, príomh-mhaoinitheoirí an tionscadail.

Céim a Trí: Léiriú

Beidh an píosa á thaibhiú  i líon leabharlainne agus suíomhanna áirithe eile a mbeidh comhaontaithe i gcomhairle le Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. Meastar gurb é €8000-€9000 an buiséad don chéim seo

Cuimseoidh an buiséad seo gach táille léiriúcháin, táillí ealaíontóra, costais taibhithe. Sonraí buiséid le comhaontú ag an ealaíontóir leis na páirtithe coimisiúnaithe.

Tar éis chéim a dó, coimeádfaidh an t-ealaíontóir na cearta ealaíne d’fhorbairt an phíosa amach anseo. D’fhéadfadh go mbeadh maoiniú agus tacaíocht bhreise ar fáil ó na comhpháirtithe coimisiúnaithe chun saol an tionscadail a leathnú ar aghaidh.

CÉ DÓ/DI SEO?

Ealaíontóirí / Scríbhneoirí ag obair trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an príomh ealaíontóir  ina chainteoir Ghaeilge líofa

Ealaíontóirí / Scríbhneoirí ag obair san Graffiti Theatre Company agus lasmuigh di, mar shampla ceol, damhsa, Luathbhlianta srl.

Ealaíontóirí / Scríbhneoirí ar spéis leo / a bhfuil taithí acu píosaí a chruthú do lucht féachana faoi 12 bliana d’aois

Ealaíontóirí / Scríbhneoirí atá lonnaithe in Éirinn agus atá in ann Céim a Dó a reáchtáil i gcontae Chorcaí (caithfear aon chostais taistil nó cóiríochta a chlúdach ón mbuiséad léiriúcháin)

Déanaimid ár ndícheall an oiread guthanna agus taithí agus is féidir a léiriú. Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh taithí ag páistí ar an éagsúlacht agus go bhfeicfidh siad iad féin i scéalta daoine eile. Spreagaimid iarratais uathu siúd ó phobail mionlaigh eitneacha, ealaíontóirí faoi mhíchumas, agus iad siúd a bhraitheann nach bhfuil a gcuid guthanna á léiriú go coitianta sa domhan comhaimseartha.

AN BHFUIL TAITHÍ SCRÍBHNÓIREACHTA ROIMHE SEO AG TEASTÁIL UAIM CHUN IARRATAS A DHÉANAMH?

Ní gá aon taithí scríbhneoireachta drámaíochta roimhe seo ach tá díograis agus paisean don scríbhneoireacht / cruthú do thaibhiú ríthábhachtach don tionscadal seo agus dea-theist cheana ag forbairt agus ag seachadadh tionscadail.

CAD É AN AMLÍNE DON TIONSCADAL SEO?

-Dáta deiridh na n-iarratas: Dé hAoine 10 Nollaig 2021

-Tabharfar fógra d’iarrthóirí roghnaithe faoi: Dé Luain 20 Nollaig 2021

-Céim 1 (go dtí an pointe ag a bheidh an dréacht-réidh le cleachtadh): 20 Nollaig 2021 go 31 Márta 2022

-Céim 2: Le críochnú faoi dheireadh 2022 (sonraí le haontú idir an t-ealaíontóir agus na comhpháirtithe coimisiúnaithe)

Above:

CONAS IS FÉIDIR LIOM IARRATAS A DHÉANAMH?

Le hiarratas a dhéanamh ní mór duit:

-A bheith os cionn 18 mbliana d’aois

-A bheith lonnaithe in Éirinn agus in ann taisteal go Corcaigh de réir mar is gá don tionscadal

-Cuir isteach do thogra don choimisiún seo (500 focal ar a mhéad). Is féidir leis seo a bheith ina achoimre ar do smaoineamh agus / nó sampla scríbhneoireachta. Caithfidh an togra seo a bheith i nGaeilge. Ba cheart go gcuimhneodh do thogra ar na láithreacha taibhithe agus an buiséad léiriúcháin.

-Más iomchuí, léirigh aon chomhoibrithe atá ar intinn agat don phíosa seo. Cuirimid fáilte roimh iarratais dírithe ar aon raon aoise ó bhreith go 12 bliana. Má tá lucht féachana faoi leith i gceist le do smaoineamh (m.sh. 0-5, 6-8, 9-12 bliana), tabhair sin le fios i d’iarratas le do thoil.

-Cuir d’fhéinaisnéis nó do CV san áireamh.

-Cuir litir ghearr (uasmhéid 1 leathanach) nó físeán (uasmhéid 2 nóiméad) san áireamh ar mhaithe leat tú féin a chur in aithne

-Cuir in iúl dúinn má tá aon riachtanais shonracha rochtana agat chun páirt a ghlacadh

-2 theistiméireacht gairmiúla

-Úsáid tairseach na Comhairle chun d’iarratas a chomhlánú anseo.

 

Déanfaidh painéal déanta suas as ionadaithe ó Graffiti Theatre Company agus Comhairle Contae Chorcaí iarratais a mheas. Bronnfar an Coimisiún ar bhonn fiúntas ealaíne agus indéantacht,  chun píosa den scoth a sheachadadh laistigh den amlíne, den bhuiséad agus leis na suíomhanna taibhithe i gcuimhne. Tabhair faoi deara le do thoil, ní bheimíd in ann aiseolas domhain a sholáthar ar iarratais aonair.

Stay up to date

×