Skip to main content

creative
Communities

Dates
1st Jun 2020
to 30th Sep 2020

Age Range
All ages

Venue
Amharclann Ghaoth Dobhair

Address
Na Doirí Beaga
Leitir Ceanainn

Na Mic Ua gCorra (an compántas) / Balor (an léiriú) Breandán de Gallaí

Compántas réigiúnach óige é Na Mic Ua gCorra le damhsóirí/aisteoirí idir 16 agus 25 (agus amhránaí agus ceoltóirí chomh maith amach anseo), atá mé ag súil a bheas ina chompántas cónaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair. Tá an togra seo i gcomhar le Féile Ealaíne an Earagail. Is tionscnamh fadtéarmach é seo, ag obair i dtreo jabanna leathghairmiuil do ealaíontóirí óga, a chuireann léirithe críochnaithe ar an ardán le linn Féilte Ealaíne an Earagail ó bhliain go bliain. Beidh gnéithe éagsúla sa straitéis, idir ceardlanna, treanáil agus ‘roinnt’ de obair idir lámh ag tús ré an togra, agus ansin léirithe atá comhlánaithe ina n-iomláine mar an chéim dheiridh. Beidh an file/scríbhneoir agus an lucht cruthaitheach ag obair le chéile leis an ábhair ‘béil’ a chruthú a bheas ráite agus/nó canta sa léiriú.Beidh na ceardlanna reáchtáilte in Amharclann Ghaoth Dobhair. Braitheann a dtréimhse ar an maoiniú atá ag teacht ó foinsí éagsúla. Tá muid ag súil go mbeidh ar a laghad taispeántas neamhfhoirmeálta amháin ann. Cuireann Ériu damhsa gaelach chun cinn mar thraidisiún atá beo agus ag síor-fhobairt. Ghníonn muid taiscéal ar an aeistéitic thraidisiúnta, agus baineann muid tairbhe as na féidearthachtaí dhrámatúil atá ann nach bhfacthas go dtí seo, le saothar úrnua a chruthú, rud a spreagann, a mhúineann, agus atá ina ábhair iontais. Cuireann an togra deiseanna ar fáil do lucht na healaíona – cumadóirí, i gcroílár an togra seo tá an Ghaeilge, rud a tarraingeóidh le chéile sealbhóirí na teanga.

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×