Skip to main content

creative
Communities

Dates
22nd Mar 2021
to 17th Dec 2021

Age Range
13 - 17

Nóinín – Dúshlán na sábháilteachta ar an idirlíon / The challenge of staying safe online

Forbraíodh an cheardlann seo i gcomhpháirtíocht idir an t-aisteoir / léiritheoir Eoghan Mac Giolla Bhrighde agus grúpa daltaí ó Chlochar Loreto i Leitir Ceanainn agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair in éineacht le beirt mhac léinn ollscoile, Cassie Ní Chathain agus Conor Ó Gallachóir a bhí ag obair le Foras na Gaeilge. 
Bhí deis ag na déagóirí scileanna aisteoireachta, deartha agus tíolactha a fhorbairt. Agus iad ag obair as lámh a chéile d’fhorbair siad script as an úrscéal Nóinín, chuaigh siad i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le togra dá leithéid a dhéanamh ar Zúm agus d’eagraigh siad idir cultacha agus frapaí stáitse.

Tá acmhainn thábhachtach, cruthaitheach, tarraingteach cruthaithe ag an ghrúpa éirimiúil seo. Bhí cuid den ghrúpa ag obair chun acmhainní ar shábháilteacht idirlín a bhailiú agus cur i láthair a chruthú don cheardlann.  Cuirfear an cheardlann agus éascaitheoir ar fáil  i gcomhair leis an léiriú agus acmhainní ar shábháilteacht idirlín nó pacáiste leis an léiriú agus na hacmhainní amháin ionas go dtiocfadh le grúpa an cheardlann a reáchtáil iad féin. 

Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.

Stay up to date

×