creative
Communities
TURAS NA DTITHE OIDHREACHTA 2023
Bígí linn ar turas siar fríd na mblianta leis an treoraí turas Cathal Ó Fearraigh. Beidh muid ag taisteal ó theach go teach ar bus, ag tabhairt cuairt ar trí pharóiste, ag foghlaim faoi stair agus béaloideas an cheantair Ghaeltachta seo, ag éisteacht le amhráin, ceoil agus, beidh deis ag daoine téarmaíocht agus focla úra Gaeilge a fhoghlaim. Má tá sibh maith, tá seans go mbeidh cúpla cupán tae le fáil ar an mbealach.
- Cuirfear tús leis an turas i nDoire Chonaire, i bparóiste Chloich Cheann Fhaola @ 11. Cloisfimid scéalta faoi fhear áitiúil, Micí Mac Gabhann a d’fhág an baile ag aois óg agus a chuaigh, diaidh ar ndiaidh, go dtí an Klondike i gCeanada, ag lorg ór. D’áitigh mac-céile Micí, Seán Ó hEochaidh, scéal beatha Mhicí sa leabhar Rotha Mór an tSaoil, a aistríodh go Béarla níos déanaí.
- Fágfaidh muid ar bhus @ 12.30 agus rachaidh muid go Teach Mhuiris i mBun a’ Leaca, i bparóiste Ghaoth Dobhair, áit a mbeidh taispeántas trealaimh, chomh maith le tuilleadh scéalta agus craic.
- Ar aghaidh linn ansin go Teach Niall Ó Domhnaill (Foclóir Uí Dhomhnaill) áit a mbuailfimid le Eugene Mac Grianna, fear atá an-eolach ar stair an cheantair, go háirithe tionscal an aol a chuir Loch an Iúir ar an léarscáil. Beidh sólaistí ar fáil anseo.
- Fillfimid ar ais ar Dhoire Chonaire thart ar 4.30.
Please note that the details of events listed above are provided by the relevant Local Authorities.