Skip to main content


Nuacht

Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht

Scroll
2 min read

Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht

2 min read

4/03/22

Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht

Tionscnamh nua fógartha i leith tionscadail chruthaitheachta chun sláinte agus folláine a fheabhsú i measc an Lucht Siúil.

Is clár píolótach é Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht ón gClár Éire Ildánach agus ár gcomhpháirtithe sa Roinn Sláinte (Clár Éire Shláintiúil), in FSS agus sa Chomhairle Ealaíon. An aidhm atá leis an gclár ar leith seo tacú le tionscadail chruthaitheachta a mbeidh dea-thionchar acu ar shláinte agus ar fholláine phobal an Lucht Siúil.

Táimid ag lorg eagraíochtaí Lucht Siúil a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair le sláinte/folláine agus/nó na healaíona cruthaitheachta agus/nó cleachtóirí cruthaitheachta a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair le daoine den Lucht Siúil nó a bhfuil taithí ábhartha acu, agus iarraimid orthu a gcuid tograí a chur ar aghaidh faoin 7 Aibreán 2022.

Leithdháilfear maoiniú ar thrí thionscadal ar fiú €50,000 an ceann é.

Tá treoir eolais iomlán agus foirm iarratais ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta de chuid FSS ar: Folláine an Lucht Siúil tríd an gCruthaitheacht – Tionscnamh Píolótach.

Ní mór iarratas a bheith comhlánaithe ar líne agus curtha ar aghaidh via https://submit.link/MI faoi Déardaoin, an 7 Aibreán 2022.

Cuirfidh Éire Ildánach seisiún faisnéise ar líne i láthair ag a mbeidh babhta C&F do pháirtithe a bhfuil spéis acu agus do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarratasóir Dé hAoine, an 11 Márta ag 3.30pm.

Déan teagmháil linn ag creativeireland@tcagsm.gov.ie chun clárú.

Stay up to date

×