Skip to main content
LCYP - Portarlington Youth Club Final Piece (1)

Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach
(CÁÓI)

Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach (CÁÓI)

Ag tógáil líonraí – ag cruthú nasc – ag tacú le comhoibriú cruthaitheach

Tá cumasú comhoibrithe chun níos mó deiseanna a sholáthar do dhaoine óga taithí a fháil ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus taitneamh a bhaint astu lárnach d’fhís Phlean Óige Ildánach.

Mountrath Foroige

LCYP – Mountrath Foroige

Chun an comhoibriú seo a chumasú agus a spreagadh ar leibhéal an phobail, thacaigh Clár Éire Ildánach le bunú Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Cruthaitheach. Is comhpháirtíochtaí iad seo le Boird Áitiúla Oideachais agus Oiliúna.

Is líonraí iad na Comhpháirtíochtaí seo – cumasaíonn siad comhroinnt eolais agus comhoibriú idir an Bord óstach, údaráis áitiúla, an earnáil oideachais neamhfhoirmiúil, seirbhísí tacaíochta teaghlaigh agus seirbhísí óige – agus deis chun comhpháirtíochtaí agus caidrimh nua a chruthú leis an earnáil chruthaitheach áitiúil. Ach thar aon rud eile cinntíonn siad go bhfuil na daoine óga féin i gcroílár fhorbairt agus chur i bhfeidhm na ndeiseanna chun gníomhaíochtaí cruthaitheacha a dhéanamh.

Téann sainchúram na gcomhpháirtíochtaí thar réimse na “n-ealaíon” agus áirítear ann gníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach i ngach réimse – ar a áirítear réimsí cosúil leis an oidhreacht agus leis an gcomhshaol, ETIM agus cruthaitheacht dhigiteach. Tá an raon gníomhaíochtaí gan teorainn – ó na healaíona traidisiúnta agus físealaíona go códú agus teicneolaíocht; ceol agus ceoldráma, na healaíona sorcais, greann, ealaíona sráide & seónna; ailtireacht & dearadh, oidhreacht, scannán, drámaíocht, amharclannaíocht, damhsa, litríocht agus scríbhneoireacht chruthaitheach.

Trí chraobhchórais den sórt seo a chur ar bun agus a neartú, tá de chuspóir againn:

1 - Pleananna don chomhar a fhorbairt ar fud phobal an cheantair agus idir na scoileanna agus bearta cruthaitheachta a chuirtear ar bun taobh amuigh den scoil;

2 - Tionscnaimh nua don chruthaitheacht sa cheantar a chothú agus a thabhairt chun cinn trína ndírítear le barr éifeachta ar dhreamanna éagsúla ionas go gcinntítear deiseanna do réimse níos forleithne; agus

3 - Dúbailt díchill a sheachaint.

Rinneadh píolótú ar dtús i 3 Bhord Oideachais agus Oiliúna (Ciarraí, Laois / Uíbh Fhailí agus Luimneach / An Clár), tá trí Chomhpháirtíocht nua anois mar chuid d’Óige Ildánach – atá lonnaithe i mBord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, Mhaigh Eo / Shligigh / Liatroma agus Gaillimhe / Ros Comáin, tá Comhpháirtíochtaí Óige Ildánach imithe ó neart go neart agus leanfaidh sé ag tacú le comhoibriú, ag tógáil caidrimh nua agus ag soláthar níos mó deiseanna do dhaoine óga (go háirithe iad siúd nach gcloistear go minic) chun taithí iontach cruthaitheach a fháil.

Mountrath Foroige Completed piece

Mountrath Foroige completed piece

Le tacaíochtaí maoinithe agus oiliúna ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán,  ón Roinn Oideachais agus ón Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige, tá cruthú agus forbairt na gComhpháirtíochtaí ríthábhachtach chun fís Phlean Óige Ildánach – chun acmhainn chruthaitheach gach linbh agus duine óg a chumasú – a bhaint amach.

Bíonn gach Comhpháirtíochtaí i dteagmháil le daoine óga ina bpobail chun cláir bhliantúla rannpháirtíochta agus gníomhaíochta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas – is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

 

Stay up to date

×