Skip to main content

Polasaí Príobháideachais

Leagtar amach sa pholasaí seo mar a úsáidfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faisnéis a bhailítear fút agus tú ar cuairt ar ár láithreán gréasáin. Tá príobháideacht ár gcustaiméirí fíorthábhachtach dúinn. Tá meas iomlán againn ar do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan cead soiléir uaitse.

An Ceart chun Fianáin a Dhiúltú


Baintear úsáid as Google Analytics ar an láithreán gréasáin seo, seirbhís anailíse gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. (“Google”). Baineann Google Analytics úsáid as “fianáin”, téacschomhaid a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar úsáid a bhaineann úsáideoirí as an suíomh.

Déanfar an fhaisnéis a bhailíonn an fianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig Google agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, agus cuirfidh siad tuarascálacha i dtaca le gníomhaíocht an láithreáin gréasáin i dtoll a chéile d’oibreoirí an tsuímh, chomh maith le seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht an láithreáin gréasáin agus úsáid an idirlín. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a aistriú chuig tríú páirtithe má éilítear de réir an dlí é, nó má dhéanann tríú páirtithe próiseáil ar an bhfaisnéis thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á gcoinneáil ag Google. Is féidir leat úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach má dhéanann tú sin, tabhair do d’aire go mb’fhéidir nach mbeidh tú in ann feidhm iomlán a bhaint as an láithreán gréasáin. Má bhaineann tú úsáid as an láithreán gréasáin seo, ceadaíonn tú do Google sonraí a phróiseáil fút ar an mbealach thuasluaite agus chun críocha na gcuspóirí thuasluaite.

Faisnéis Theicniúil a Bhailiú agus a Úsáid

Féadfaidh muid faisnéis ghinearálta a bhailiú agus a stóráil chun críocha staidrimh. D’fhéadfadh muid faisnéis a bhailiú maidir le líon na gcuairteoirí ar leathanaigh éagsúla an láithreáin gréasáin, mar shampla, chun cabhrú linn na leathanaigh a fheabhsú do chuairteoirí. Ní féidir tú a aithint go pearsanta ón bhfaisnéis seo. Ní bhaileofar ná ní stórálfar ach an fhaisnéis seo a leanas maidir le do chuairt:

1.an fearann Idirlín (‘xcompany.com’, mar shampla, má bhaineann tú úsáid as cuntas rochtana príobháideach Idirlín, nó ‘yourschool.edu’ má cheanglaíonn tú ó fhearann ollscoile) agus seoladh IP (is uimhir é an seoladh IP a shanntar go huathoibríoch do do ríomhaire gach uair a bhíonn tú ag úsáid an idirlín) óna bhfaigheann tú rochtain ar an suíomh
2. an cineál brabhsálaí agus córas oibriúcháin a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an suíomh
3. an dáta agus an t-am a bhfaigheann tú rochtain ar an suíomh
4. na leathanaigh ar a dtugann tú cuairt
5. má thug tú cuairt ar láithreán gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó nasc ar láithreán gréasáin eile, seoladh an láithreáin gréasáin sin

Go bunúsach, is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán amháin a bhainfidh úsáid as an bhfaisnéis theicniúil, chun críocha staidrimh agus riaracháin amháin.

Faisnéis Phearsanta a Bhailiú agus a Úsáid         

Ní bhainfear úsáid as an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach chun na críche atá luaite léi. Trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chugainn, d’fhéadfá a bheith ag cur faisnéis phearsanta chugainn amhail d’ainm, do sheoladh, agus do sheoladh ríomhphoist. Féadfaidh muid d’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist a stóráil chun freagra a thabhairt ar d’iarraidh nó chun ábhar an ríomhphoist a réiteach ar bhealach eile.

Ní dhéanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán aon iarracht cuairteoirí ar leith a aithint, ná aon duine aonair a aithint trí shonraí teicniúla. Is é an polasaí atá againn gan faisnéis theicniúil dá leithéid a bhaineann le daoine aonair a thugann cuairt ar an láithreán gréasáin a chur ar fáil d’aon tríú páirtí, ach amháin má tá sé de dhualgas orainn an fhaisnéis sin a sholáthar de réir an dlí.

Stay up to date

×