Skip to main content


Nuacht

Dá mbeadh caint ag na crainn

Scroll
2 min read

Dá mbeadh caint ag na crainn

2 min read

13/07/21

Dá mbeadh caint ag na crainn

Déanann ‘Dá mbeadh Caint ag na Crainn’ iniúchadh ar shaothar grianghrafadóireachta an ealaíontóra Louis Haugh do pháistí. Cuireadh a chuid grianghraf i láthair ar chlár fógraí i bPort Mearnóg, Fine Gall, le linn mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh 2021, sa chaoi go mbeadh páistí in ann a gcuid oibre a fheiceáil ar scála mór.

Above:

Bhí trí ghné ag baint leis an tionscadal – obair ghrianghrafadóireachta phoiblí ar mhórscála, pacáistí gníomhaíochta digiteacha agus ceardlanna sa rang leis an ealaíontóir, agus mar thúsphointe don chaint faoi na crainn tugadh léargas do na páistí ar ealaín Louis. Is iad na grianghraif seo toradh na taighde atá déanta ag Louis ar stair na foraoiseachta tráchtála in Éirinn agus an bealach ar athraigh na plandálacha sprúis Sitka tírdhreach na hÉireann le 100 bliain anuas.

In éineacht le Louis bhí an t-oideachasóir Anne Bradley agus d’oibrigh siad le chéile chun   sraith ceardlann praiticiúil a chur ar siúl do na páistí agus iad deartha ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar théamaí éagsúla lena n-áirítear an luibheolaíocht, bailiú síolta, an tírdhreach, an mhiotaseolaíocht agus scéalta ó chultúr dúchasach Mheiriceá Thuaidh, áit a bhfuil an sprús Sitka ina chrann dúchasach.

Rinne na páistí turgnamh ar roinnt próiseas amhairc lena n-áirítear an ghrianghrafadóireacht ar mhórscála, líníocht agus mapáil agus ghlac siad páirt i bplé faoi stiúir na n-ealaíontóirí. Mar chuid de na ceardlanna seo sa seomra ranga fuair gach páiste pacáiste fionnachtana ilchéadfach agus bhí fáil ag gach bunscoil sa chontae ar cheardlann dhigiteach.

Tá ríméad orainn an cheardlann dhigiteach seo a roinnt le raon leathan lucht féachana anois.

Tuilleadh eolais:www.fingalarts.ie/education

Breathnaigh ar an bhfíseán anseo

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×