Skip to main content
Paul Sharp Photographer.

Náisiún
Ildánach

Gníomhú ar son na hAeráide le RISING i bpobal Cheantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath

Chuaigh cónaitheoirí as Sráid an Phiarsaigh, Ceantar Dhugaí Bhaile Átha Cliath agus An Rinn ar stáitse in Acadamh Lir aréir, áit a ndearna siad cur i láthair corraitheach ar a léargas agus ar a dtaithí ar ghníomhartha áitiúla maidir leis an athrú aeráide.

Tá an grúpa ilchineálach seo ag glacadh páirt go rialta i gceardlanna RISING maidir le gníomhú ar son na haeráide ó mhí na Samhna 2021, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus compántas amharclannaíochta Brokentalkers.

De thoradh air sin, tugadh faoi roinnt gníomhartha; bhunaigh rannpháirtithe “gairdín inite” sa Rinn, inar chuir siad earraí bia amhail peirsil, síobhais agus luibheanna eile a mbeidh cead ag comharsana iad a úsáid saor in aisce.

I gcás rannpháirtithe eile, thug siad tús áite do bhruscar agus do chúrsaí athchúrsála thart ar an gCanáil Mhór agus dhírigh roinnt eile arís ar stocaireacht a dhéanamh ar fhostóirí le go ndéanfaidís roghanna inbhuanaithe.

Is éard a dúirt Una Whitney, duine de na rannpháirtithe:

“Tá cónaí ormsa gar don Chanáil Mhór, agus mar sin, tá tuairim láidir agam faoi fhadhb an bhruscair.   Tá nasc díreach idir é seo agus an t-athrú aeráide, mar nuair a chaitear plaisteach amach seachas é a athchúrsáil, déantar níos mó plaisteach nua dá réir. Cuireann sé seo le truailliú an uisce freisin. A bhuíochas le RISING, bhí deis agam casadh le comharsana atá ar aon intinn liom agus a bhfuil an cheist seo tábhachtach dóibh, agus nuair a thagaimid le chéile bímid níos éifeachtaí san fheachtasaíocht ar son athchúrsáil agus glaineacht níos fearr sa cheantar seo. Thaitin sé go mór liom a bheith ag teacht le chéile mar ghrúpa agus roinnt scríbhneoireachta cruthaithí a dhéanamh a d’éascaigh Brokentalkers. Sílim gur iontach an rud é go bhfuil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag obair leis an bpobal ar thionscadail den sórt seo.

Dúirt Manuel Salazar, rannpháirtí eile, an méid seo:

Tá mé i mo ghníomhaí ar son na haeráide le roinnt mhaith blianta, ach ní raibh baint agam le tionscadal cruthaitheach den chineál seo riamh, atá dírithe ar cheisteanna agus gníomhartha áitiúla. Thug sé deis dom tuiscint a fháil ar ábhair imní an phobail i dtaobh na timpeallachta, agus ar na mianta atá acu maidir le gníomhú ar son na haeráide. Tuigtear go bhfuil práinn i gceist, bhí mé in ann é sin a aithint sa tionscadal ealaíne seo, táimid ar fad ag iarraidh go mbeidh todhchaí níos fearr ag na glúnta atá le teacht agus níl áit níos fearr le tosú ach laistigh dár bpobal féin.”

Bhí an méid seo le rá ag Feidlim Cannon ó Brokentalkers:

Thaitin sé iontach liom féin agus le Gary a bheith ag obair le cónaitheoirí áitiúla agus le Coláiste na Tríonóide chun castachtaí an athraithe aeráide a scrúdú ar bhealaí éagsúla cruthaitheacha. Le trí mhí anuas, b’iontach an chaoi ar thug na rannpháirtithe faoin tionscadal seo. B’oscailt súl ceart a bhí sa tionscadal dúinne inár n-ealaíontóirí. Feicimid na deiseanna ealaíne a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gníomhaíocht phobail mar a bhaineann sí leis an athrú aeráide. Bhí pointí áille soiléireachta agus macántachta againn, a raibh ruainnín beag spraoi fite fuaite iontu, a d’eascair as díograis agus dúthracht na rannpháirtithe. Táimid ag súil le leanúint orainn ar an tslí seo leis an ngrúpa, ag tabhairt daoine eile ón bpobal linn agus ag teacht ar bhealaí chun athruithe dearfacha a dhéanamh i ndáil le cúrsaí aeráide agus inbhuanaitheachta trí rannpháirtíocht chruthaitheach le pobail Shráid an Phiarsaigh, Dhugaí na Canálach Móire agus na Rinne”.

Cuireadh na cruinnithe seachtainiúla ar siúl in Aonad18, spás pobail Choláiste na Tríonóide ar champas Choláiste na Tríonóide Thoir, agus áiríodh ar na haoichainteoirí a labhair ann an tOllamh Quentin Crowley, an Dr Zoe Roseby, Michelle Hallahan, David Hackett agus Trevor Woods ó Choláiste na Tríonóide, mar aon le Joe Donnelly ó Pobal Fuinnimh Inbhuanaithe na Rinne agus an Bhaile Ghaelaigh, a bhfuil cónaí air go háitiúil.

Beidh Aonad18 ar fáil don ghrúpa fós le go mbeidh siad in ann bualadh lena chéile agus oibriú le chéile amach anseo.

Fuair RISING maoiniú ó Éire Ildánach, i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi RISING, téigh chuig risingdublin.ie

Stay up to date

×