Skip to main content

Draoicht

A chur ar chumas dhaoine na téamaí a chíoradh a bhfuil tábhacht leo dóibh féin atá i gceist le OUR PLACE, OUR STORIES, chomh maith le haird a thabhairt ar a gcuid sainiúlachta agus ar a dtaithí saoil agus an pobal a thuiscint ar bhealach nach mbeadh déanta acu roimh ré.

I rith na bliana 2019, choimisiúnaigh Draíocht, le cabhair ó Éire Ildánach, seisear ealaíontóirí chun oibriú in éineacht le grúpaí pobail áitiúla.

  • Men’s Shed & Menitation Mhullach Eadrad (Shaun Dunne)
  • Scoil Dornálaíochta Mhullach Eadrad (Megan Kennedy & Jessica Kennedy, Junk Ensemble)
  • Siúracha na Carthanachta, Baile an Bhlácaigh (Jody O’Neill)
  • Foróige (Colm Keegan)
  • Umunwanyi Olaedo (Comhlachas na mBan i gCumann Igbo) agus D15 Women (FeliSpeaks)
  • Coláiste Pobail Bhaile an Hartaigh agus Coláiste Pobail Setanta (Dylan Coburn Gray).

Baineann na grúpaí pobail leis an bpobal óg iléagsúil i mBaile Bhlainséir.  Cíoradh na scéalta ag na ceardlanna ar bhraith gach grúpa tábhacht lena n-insint agus a raibh fonn orthu iad a chur i láthair. Cothaíodh an inniúlacht ealaíne trí phróiseas ina dhiaidh sin ionas gur ceapadh na scéalta i bhfoirm drámaíochta, i bhfriotal fileata agus i lúth na colainne.

Cuireadh OUR PLACE OUR STORIES i láthair do mhuintir Bhaile Bhlainséir ar Oíche an Chultúir, an 20 Meán Fómhair 2019.  Coinníodh tuairisc ar an bpróiseas a bhain le gach tionscadal agus is léiriú an saothar sin ar an gcruthaitheacht a cuireadh in iúl in aon chomharsanacht amháin. https://www.draiocht.ie/blog/entry/ourplaceourstories_participants_videos

Stay up to date

×