Skip to main content

Carachtair Lios
Tuathail

Carachtair Lios Tuathail

Mar chuid den tionscadal seo, roghnaítear píosaí athfhriotail, comhráití agus sleachta as saothair filí, cumadóirí amhrán agus scríbhneoirí as Lios Tuathail agus Ciarraí Thuaidh, agus déantar múrphictiúir láidre, ildaite clóghrafaíochta díobh a bhfuil ábhair machnaimh iontu. Tugtar ardán comhoibríoch leis an tionscadal seo do ghrúpaí áitiúla agus don phobal áitiúil chun a bheith ag obair ar thionscadal tairbheach fiúntach chun beocht a chur i sráideanna Lios Tuathail an athuair agus príomhshuiteán ealaíne a chur ar fáil do chuairteoirí atá ag fáil blaiseadh den bhaile agus de Ghlasbhealach Chiarraí Thuaidh.

Trí scríbhneoirí agus ealaíontóirí áitiúla a chur chun cinn, ní hamháin go bhfuil baile Lios Tuathail á thaispeáint mar phríomhchathair litríochta na hÉireann, ach mar phríomhchathair chruthaitheach chomh maith céanna. Is é Comhaontas Gnó & Pobail Lios Tuathail atá ag stiúradh an tionscadail i gcomhar le coiste Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail chun athfhriotal agus sleachta ábhartha a aimsiú, agus le roinnt dearthóirí comharthaí chun an obair a éascú.

Aithnítear leis an tionscadal seo na doiciméid agus an taighde a bhí ann cheana a chuidigh go mór chun an coincheap a fhorbairt. Tagann an tionscadal seo le Straitéis Athnuachana Oidhreacht agus Pobalbhunaithe Lios Tuathail 2017, Scrúdú Sláinte Lár Bhaile Lios Tuathail 2018, Straitéis Eacnamaíochta Lios Tuathail 2019-2021 agus buanna an phobail agus na príomhpháirtithe leasmhara a bhíonn ag obair le chéile chun rath a bhaint amach do lár an bhaile, agus tugann sé go léir le cheile iad, faoin gcreat um athnuachan lár an bhaile.

Stay up to date

×