Skip to main content
Age and Opportunity - National Creativity Fund

Éire Ildánach

Cruthaíonn Éire Ildánach nasc idir na daoine, an chruthaitheacht agus an fholláine. Is clár cultúir agus folláine uile-rialtais é a spreagann agus a athraíonn daoine, áiteanna agus pobail tríd an gcruthaitheacht.

Táimid tiomanta don fhís gur chóir go mbeadh deis ag gach duine in Éirinn barr feabhais a bhaint amach mar a bhaineann lena gcumas cruthaitheach.

Tháinig Éire Ildánach, a bunaíodh in 2017, chun cinn as Éirinn 2016, an tionscnamh stáit ar éirigh chomh maith sin leis agus a rinneadh comóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca. Fuarthas inspioráid don Chlár ón bhfreagra urghnách poiblí a bhí ar an gComóradh Céad Bliain agus as na mílte imeachtaí bunaithe ar chultúr den chuid is mó a rinne iniúchadh ar cheisteanna a bhaineann leis an bhféiniúlacht, an pobal, an cultúr, an oidhreacht agus saoránacht.

Trí chomhpháirtíochtaí leis an rialtas áitiúil agus leis an rialtas náisiúnta, le gníomhaireachtaí cultúir agus fiontraíochta agus le fiontair áitiúla, cruthaímid bealaí agus deiseanna le gur féidir le daoine agus le pobail ligean lena gcumas cruthaitheach.

Creidimid sa chumhacht agus sa chumas cruthaitheach a eascraíonn as daoine, eagraíochtaí agus ranna rialtais a bheith ag obair le chéile agus saineolas á roinnt acu chun smaointe agus gníomh a thionscnamh. Trínár bhfócas agus trínár gcomhordú, éireoidh linn éiceachóras cruthaitheachta a chruthú.

Tá an Clár bunaithe ar na phríomhthéamaí seo:

Óige Ildánach, Pobail IldánachaSláinte agus Folláine Ildánach, Gníomhaíocht Chruthaitheach ar son na hAeráide agus Tionscail Ildánacha

 





Stay up to date

×