9/05/25
Dé hAoine, an 9ú Bealtaine i gCaisleán Luimhnigh sheol an tAire Patrick O’Donovan TD Cruinniú na nÓg 2025, lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga.
Bhí an ócáid bhliantúil seo, an t-aon cheann dá leithéid ar domhan ar siúl Dé Sathairn, an 7 Meitheamh, le 1000 imeacht saor in aisce ar fud na tíre, ag ceiliúradh na cruthaitheachta trí cheol, ealaín, sorcas, scannánaíocht scéalaíochta agus go leor eile. Iarraimid ar dhaoine óga ar fud oileán na hÉireann rud éigin nua a fhiosrú, samhlaíocht a úsáid, agus páirt a ghlacadh sa cheiliúradh uathúil seo ar an gcruthaitheacht.