Skip to main content


Nuacht

Cruthaitheacht, scaoilte!

Agus 700+ imeacht cruthaitheach spleodrach saor in aisce ag titim amach ar fud na tíre, cuireann Cruinniú na nÓg cuireadh roimh dhuine ar bith faoi bhun 18 mbliana a chuid cruthaitheachta laistigh a scaoileadh saor Dé Sathairn, an 15 Meitheamh.

Le tacaíocht ó údaráis áitiúla agus ó RTÉ agus sna sála ar mhór-rath na bliana anuraidh, leis an dara geábh seo de Chruinniú na nÓg, déanfar samhlaíocht na hóige a ghríosú agus a cheiliúradh agus spreagfar páistí agus daoine óga le gníomhaíochtaí cruthaitheacha a fhiosrú ina gcomharsanacht agus ina bpobal áitiúil. Arna stiúradh ag foirne áitiúla de chuid Éire Ildánach ar fud an 31 údarás áitiúil, agus le tacaíocht ollmhór ó ealaíontóirí áitiúla, eagraíochtaí ealaíne, cleachtóirí cruthaitheacha agus féilte pobail; beidh san áireamh ar na himeachtaí gach uile shórt ó dhéanamh sciath go códú cluichíochta, grianghrafadóireacht seomra dorcha go ceardlanna fíodóireachta taipéise.

Agus béim láidir ar an rannpháirtíocht, beidh go leor ceardlann ann do thosaitheoirí freisin. Rinneadh iad seo a dhearadh go speisialta chun spéis a mhúscailt agus an chruthaitheacht inmheánach a chothú sna páistí, á spreagadh le triail a bhaint as rud úr nó go fiú uaillmhian rúnda a bhaint amach!

Ag labhairt di le linn fhógairt Chruinniú na nÓg don bhliain seo, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D.:

“Is í Éire an t-aon tír ar domhan ina mbíonn lá sainiúil cruthaitheachta saor in aisce dár gcuid páistí agus daoine óga. Cé nach bhfuil anseo ach an dara bliain de, tá Cruinniú na nÓg tar éis fás cheana ó thaobh uaillmhéine agus scála de, agus beagnach an dá oiread de ghníomhaíochtaí saor in aisce ag titim amach fud fad na tíre i mbliana. Cuidíonn an tionscnamh uathúil tábhachtach seo linn ár ngealltanas a réadú chun freastal ar acmhainneacht chruthaitheach gach aon pháiste agus iad a fheistiú leis an mbraistint go bhfuil éacht bainte amach acu, braistint a thagann le rannpháirtíocht i dtionscadal cruthaitheach a ghríosaíonn an tsamhlaíocht iontu.

Tá coimeádaíocht chúramach déanta ar gach ceann de na gníomhaíochtaí agus imeachtaí ag ár ngréasán d’fhoirne paiseanta tiomanta Cultúir agus Cruthaitheachta ar fud na tíre. Ba mhaith liom féin buíochas faoi leith a ghabháil leis an 31 údarás áitiúil agus le RTÉ, ar comhpháirtithe agus comhoibrithe díograiseacha iad san imeacht seo ó thosaigh sé, agus, chomh maith leo sin, leis an iliomad ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne agus óige, cleachtóirí cruthaitheacha, féilte agus pobal a chuidigh linn rathúlacht a chinntiú don lá úr spreagúil seo de chruthaitheacht óigeanta do pháistí agus daoine óga.”

Ar chuid de bhuaicphointí Chruinniú na nÓg 2019, beidh:

  • Ceardlann idirghlúine d’fhíodóireacht cheardaíochta agus déanamh taipéise ag Mosc Thamhlachta, Baile Átha Cliath Theas
  • Cuir aithne ar an gcéad ghlúin eile de Steven Spielbergs agus Lenny Abrahamsons ag comhdháil na scannánóirí óga i Luimneach
  • Foghlaim faoi áilleacht agus faoi dheasghnátha dhamhsaí traidisiúnta an Oileáin Mhóir trí cheiliúradh speisialta de shaol agus de chultúr an oileáin, Contae Chorcaí
  • Fiosraigh taiscí rúnda ár dtírdhreacha cósta ag safari feamainne lán cruthaitheachta ag Cionn Mhálanna, Dún na nGall
  • Foghlaim an dóigh le héadaí iontacha a chruthú duit féin agus le bheith ag cuidiú leis an domhan san am céanna ag ceardlann ar an uaschúrsáil agus déanamh faisean inbhuanaithe i mBéal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe
  • Bí i gcuideachta an Mud Bug Club agus foghlaim an dóigh le patrúin mhionsonraithe a athchruthú in The Dock, Liatroim
  • Buail le Fearghal, dragan a mbíonn giúmar sórt teasaí air, ag ceolchoirm scéalaíochta idirghníomhach i gcuideachta Ensemble Cheolfhoireann Shiansach Londan ag an gCeoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath
  • Foghlaim faoi rúin an ghliú agus na bréagfhola ag ceardlann ar éifeachtaí speisialta don ardán agus don scáileán i dTrá Lí, Ciarraí

Níl anseo ach blaiseadh beag den mhéid a bheidh ar siúl le haghaidh Chruinniú na nÓg ar an 15 Meitheamh, faigh amach faoi imeachtaí i do cheantar féin agus comhroinn an spraoi atá ar siúl agat ar na meáin shóisialta leis na haischlibeanna #MoChruinniú agus #CruinniúLeCruthú

Cruinniú na nÓg 2019 // Caoimhín Ó Raghallaigh

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×