Tá maoiniú ar fáil anois trí na glaonna deontais seo a leanas:
- Sláinte agus Folláine Ildánach sa Phobal – Comhpháirtíochtaí Údarás Áitiúil le hEagraíochtaí Ildánacha agus Pobail
- Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte – Comhpháirtíochtaí Údarás Áitiúil le hEagraíochtaí Ildánacha agus Pobail
- An Ciste um Chothú Óige Ildánach
Fáiltítear roimh iarratais ó chleachtóirí cruthaitheacha, ó ghrúpaí, ó eagraíochtaí agus ó phobail ar mhaoiniú chun tacú le forbairt tionscadail nuálacha ildánacha agus chultúir.
Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt an tAire O’Donovan:
“Léiríonn na deiseanna nua maoinithe seo creideamh i dtionchar claochlaitheach na cruthaitheachta ar shaol daoine. Trí thacú le húdaráis áitiúla, le heagraíochtaí óige, agus le comhpháirtithe pobail, táimid ag cur deiseanna cruthaitheachta ar fáil atá inrochtana, cuimsitheach agus a fhreagraíonn do riachtanais phobail ar fud oileán na hÉireann. Táim ag tnúth leis na tionscadail nuálacha agus chomhoibríocha a bheidh mar thoradh ar an maoiniú suntasach seo a fheiceáil.”
Ón mbliain 2023 i leith, tá infheistíocht €6 mhilliún déanta ag an gclár Éire Ildánach ar fud cúig cinn de cholúin; Pobail Ildánacha, Óige Ildánach, Sláinte agus Folláine Ildánach, Gníomh Cruthaitheach i leith na hAeráide, agus Tionscail Ildánacha, d’fhonn treisiú leis an gcruthaitheacht agus leis an obair i gcomhar ar fud Oileán na hÉireann.
Le haghaidh critéir incháilitheachta agus treoirlínte iarratais féach https://www.creativeireland.gov.ie/en/creative-grant-call-2025/
Beidh dhá sheisiún eolais ar an láthair ar na Deontais ar siúl i mí Eanáir (ní mór áit a chur in áirithe):
- 14 Eanáir, 2026, MAC Béal Feirste (Nasc áirithinte)
- 22 Eanáir, 2026, Óstán Raddison Blue, Lána an Óir, Baile Átha Cliath (Nasc áirithinte)
Is é 1pm an 27 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.